Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 48:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. I dtaobh Mhóáb: Is mar seo a deir an Tiarna na Slua, Dia Iosrael:“Is mairg do Neabó, óir tá sé airgthe;gabhadh Ciriataím,níl istigh ann ach mearbhall agus scéin.

2. Ní ábhar maíte é ag Móáb a thuilleadh!bheartaigh siad a bhriseadh ag Heisbeon:‘Tagaigí! gearraimis amach é ó bheith ina chine!’Gearrfar síos thusa freisin, a Mhadmaen,ní fada uait an claíomh.

3. Éist! Scairt ó Abáraím anall:‘Creachadh! Anachain mhór!’

4. ‘Tá briste ar Mhóáb’;cluintear an guth chomh fada le Zoar.

5. Ag dul suas fána Lúichít dóibh, caoineann siad.Ag dul síos Horónaím cluintear gol:

6. ‘Imígí! Teithigí le bhur n‑anamacha!Rithigí ar nós na n‑asal bhfiáin san fhásach!’

7. Sea, ó chuir tú do dhóchas i do dhaingne láidretógfar thusa freisin i láimh.Rachaidh Camóis i mbraighdeanasmar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.

8. Tiocfaidh an scriosadóir ar gach uile bhaile,ní rachaidh aon duine slán;creachfar an gleann, scriosfar an machaire;fógraíonn an Tiarna é!

9. Tabhair tuama do Mhóáb,óir tá sé scriosta go hiomlán;tá a bhailte uaigneach,gan aon duine ina chónaí iontu.

10. (“Gura mallaithe an té a dhéanann obair an Tiarna go leamh. Gura mallaithe an té a choinneoidh a chlaíomh ar ais ó fhuil!)

11. Bhí Móáb i suaimhneas óna óige;shuigh sé ar a mhoirt;níor folmhaíodh é ó shoitheach go soitheach;níor chuaigh riamh i mbraighdeanas;uime sin choinnigh sé a bhlas dílis féin,níor aistríodh a bholadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 48