Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 47:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh in aghaidh na bhFilistíneach sular thóg Forann Gazá de ruathar.

2. Is mar seo a deir an Tiarna:“Féach, cé mar éiríonn na huiscí ón tuaisceart;briseann siad ina dtuile thar bruach;báitear an tír agus gach a bhfuil ann,na bailte agus lucht a gcónaithe!Scairteann na fir in ard a gcinn, tá éamh le closó áitritheoirí uile na tíre,

3. le tormán cruite a chuid staileanna,le toithréim a charbad, le díoscán a roilleán.Dearmadann aithreacha a gclanna;éiríonn a lámha lag.

4. Óir tá an lá tagtha ina scriosfar na Filistínigh uile,ina scoirfear ó Thuíre agus ó Shíodóna lucht taca ar fad.Sea, tá an Tiarna ag creachadh na bhFilistíneach,an fuíoll as Inis Chaftór.

5. Ceann bearrtha ar Ghaza!Sost ar fud Aiscileon!Aisdeod, a bhfuil fágtha de Anácaím,cá fhad a ghearrfaidh tú thú féin?

6. Ó, a chlaíomh an Tiarna,Cá fhad go mbeidh tú suaimhneach?Isteach leat i do thruaill,éirigh as, bí socair!

7. Conas is féidir dó a bheith suaimhneachó thug an Tiarna ordú dó?In éadan Aiscileon agus bord na farraige,is chucusan a d'ordaigh sé é.”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 47