21. Na hamhais a bhí aici ar tuarastal,a bhí slíoctha ar nós laonna biata,thug siad do na bonna é;ní sheasann siad ach teitheann in éineacht;óir tagann orthu lá a n‑ainnise, aimsir a gcuartaithe.
22. Éist: fuaim mar a bheadh siosarnach nathair nimhe!Sea, tagann siad, líon a slua,ag tabhairt fúithi le tuanna,ar nós buanaithe connaidh,
23. leagfaidh siad a foraois -is é an Tiarna a labhraíonn.Sea, tá [siad] thar áireamh,níos líonmhaire ná na lócaistí do-áirithe.
24. Tá iníon na hÉigipte á náiriú,á tabhairt i láimh mhuintir an tuaiscirt.”
25. Tá sé ráite ag Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Smachtóidh mé anois Amón as Nó (agus Forann) agus an Éigipt agus a déithe agus a ríthe in éineacht le Forann agus iad siúd a chuir a ndóchas ann.
26. Tabharfaidh mé é i láimh na ndaoine a iarrann a bhás, i láimh Nabúcadnazar, rí na Bablóine, agus a sheirbhíseach. Ach amach anseo, áitreofar an Éigipt arís mar a bhí anallód - is é an Tiarna a labhraíonn.
27. Ach ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib,ná bíodh scanradh ort, a Iosrael:féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin,agus do shliocht as tír a ndaoirse.Beidh Iacób ar ais arís i suaimhneasagus mairfidh go sóúil,ní chuirfidh aon duine eagla air.
28. Ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib,- an Tiarna a labhraíonn - óir táimse leat.Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uilemar ar scaip mé thú.Ní chuirfidh mé deireadh leatsa,ach smachtóidh mé thú go measartha,le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.”