Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 46:2-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Ar an Éigipt: In éadan slua Fhorainn Neaco, rí na hÉigipte, a bhí láimh le habhainn Eofrataes i gCairceimis nuair a bhris Nabúcadnazar rí na Bablóine orthu sa cheathrú bliain de réimeas Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá.

3. “Gléasaigí an chruinnsciath, agus an sciath!Tugaigí aghaidh ar an gcath!

4. Úmaigí na heacha;sa diallait, a mharcslua!In bhur ranganna! Bhur gclogaid oraibh!Déanaigí líofa na gatha;cuirigí oraibh bhur lúireacha!

5. Céard a fheicim?Tá siad scanraitheagus ag filleadh ar a gcúl!Na daoine is fearr orthu buailte siar,iad ag teitheadh i ndiaidh a gcinn,gan dearcadh siar,eagla ó gach taobh! - an Tiarna a labhraíonn.

6. Níl slánú don té is luaithe;ní ligfear an té is cróga as;ansin sa tuaisceart, lámh le habhainn Eofrataes,faigheann siad tuisle agus titeann siad.

7. Cé a d'éirigh suas ar nós na Níle,a bhfuil a uisce ag corraí mar thuile?

8. Airiú, nach í an Éigipt a d'éirigh ar nós na Níleagus a huiscí ar fiuchadh mar thuile.‘Éireoidh mé,’ ar sí, ‘agus báfaidh mé an talamh;scuabfaidh mé chun siúil idir bhailte agus áitritheoirí!

9. Ar aghaidh, a eachra!buailigí a charbada!ionsaígí, a fheara;a mhuintir na hAetóipe agus Phút, a ghlacann an sciath,a mhuintir Lúd, a chromann an bogha!’

10. Seo é anois lá an Tiarna, Dia na Slua,an lá a agróidh sé a dhíoltasslogfaidh a chlaíomh iad agus sásófar é,cuirfear ar meisce é lena bhfuil.Sea, tá íobairt ag an Tiarna, Dia na Slua,sa tír thuaidh, láimh le habhainn Eofrataes.

11. Éirigh suas go Gileád ar lorg íoca,a mhaighdean, a iníon na hÉigipte!Is go díomhaoin a ghlacann tú mórán oideas;níl leigheas i ndán duit.

12. Chuala na náisiúin faoi do náire,líonann an caoineadh duit an talamh;óir thuisligh an gaiscíoch in aghaidh an ghaiscígh,agus thit siad araon in éineacht.”

13. An briathar a labhair an Tiarna le Irimia fáidh nuair a chuir Nabúcadnazar chun bóthair go n‑ionsóidh sé tír na hÉigipte.

14. “Foilsígí é san Éigipt!Fógraígí i Migdeol!Fógraígí é i Nof agus i dTachpanaes!Abraigí: ‘Ag bhur bpoist! Bígí ullamh!’óir slogann an claíomh máguaird oraibh.

15. Céard seo! Ar theith [Aipis]?Nár sheas do cheann láidir go daingean?

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 46