Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 44:16-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. “Níl aon rún againn éisteacht leis an bhfocal seo a labhair tú linne in ainm an Tiarna,

17. ach leanúint orainn ag déanamh gach ar gheallamar: ag loscadh túise do Bhanríon Neimhe agus ag doirteadh íobairtí dí di, faoi mar a dhéanaimis, sinn féin agus ár n‑aithreacha, ár ríthe agus ár dtaoisigh, i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: bhí fairsinge bia againn san am sin, bhíomar go maith as, ní fhacamar aon olc.

18. Ach ón uair ar éiríomar as túis a loscadh do Bhanríon Neimhe agus íobairtí dí a dhoirteadh amach di, tá easpa gach ní orainn, agus maraíodh sinn leis an gclaíomh nó leis an ngorta.”

19. [Agus dúirt na mná] “Nuair a loscaimid túis do Bhanríon Neimhe agus nuair a dhoirtimid amach a híobairtí dí, an dóigh leat gur ag déanamh bairíní lena híomhá orthu agus ag doirteadh a híobairtí dí atáimid gan fhios dár bhfir chéile?”

20. Ansin dúirt Irimia leis an bpobal uile, idir fhir agus mhná, iad siúd a thug an freagra sin air:

21. “An túis a loisc sibh i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, sibh féin, bhur n‑aithreacha, bhur ríthe, bhur dtaoisigh, agus muintir na tíre - nár chuimhnigh an Tiarna air sin, nach é a tháinig ina intinn?

22. Ionas nár fhéad an Tiarna bhur míghníomhartha agus bhur ngráiniúlachtaí a iompar nib fhaide; sin é an fáth a bhfuil bhur dtír inniu ina fásach, ina huafás agus ina mallacht, gan áitritheoir.

23. Mar gur loisc sibh tús, mar gur pheacaigh sibh in aghaidh an Tiarna, agus nár umhlaigh sibh do ghuth an Tiarna, nár shiúil ina dhlí, ina reachta ná ina fhianaise - sin é is cúis leis an anró atá oraibh inniu.”

24. Dúirt Irimia ansin leis an bpobal uile, agus go háirithe leis na mná: “Éistigí le briathar an Tiarna (a Ghiúdacha uile i dtír na hÉigipte).

25. Mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Sibhse, a mhná an rud a gheall bhur mbéal, is ceart go gcriochnóidh bhur lámha go cinnte! Dúirt sibh: Comhlíonfaimid go deimhin na móideanna a thugamar chun túis a loscadh do Bhanríon Neimhe agus chun íobairtí dí a dhoirteadh di. Tá go maith, comhlíonaigí bhur móideanna, doirtigí bhur n‑íobairtí!

26. Ach éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a Ghiúdacha uile, a chónaíonn i dtír na hÉigipte: Tugaimse mionna faoi m'ainm mór a deir an Tiarna, nach n‑ainmneofar m'ainm níos mó i mbéal aon duine ar bith de Iúdá i gcríocha uile na hÉigipte; ní déarfaidh duine: Go maire an Tiarna Dia.

27. Féach, beidh mise ag faire os a gcionn, ní ar mhaithe leo, ach chun a n‑aimhleasa; marófar an uile fhear de Iúdá atá san Éigipt, leis an gclaíomh nó leis an ngorta, go mbeidh deireadh leo.

28. Mar sin féin, an uimhir bheag a rachaidh as an gclaíomh fillfidh siad ó chríocha na hÉigipte go tír Iúdá. Agus fuíoll Iúdá uile a chuaigh go tír na hÉigipte chun cónaí ann, aithneoidh siad ansin cé leis na focail a fhíorfar, liomsa nó leosan.

29. Agus seo daoibh an comhartha - is é an Tiarna a labhraíonn - go bhfuil ar intinn agam sibh a smachtú san áit seo, le go n‑aithneodh sibh go bhfuil mo fhocail bhagartha ag seasamh go deimhin in bhur n‑aghaidh.

30. Is mar seo a deir an Tiarna: Féach, tabharfaidh mé Forann Hofra rí na hÉigipte i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a bhás, díreach mar a thug mé Zidicíá rí Iúdá i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, a namhaid a d'iarr a bhás.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 44