Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 44:1-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “An briathar a tháinig go Irimia le haghaidh na nGiúdach uile a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte atá ag cur fúthu ag Migdeol, Tachpanaes, Nof agus tír Phatros.

2. “Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Chonaic sibh an t‑anró uile a thug mise ar Iarúsailéim agus ar bhailte Iúdá; inniu tá siad ina bhfothracha gan cónaí iontu.

3. Tá sin amhlaidh mar gheall ar an uile olc a rinne siad, do mo bhrostú chun feirge, mar go ndeachaigh siad a loscadh túise agus a fhónamh do dhéithe eachtrannacha nárbh aithne dóibh féin ná daoibhse, ná do bhur sinsir.

4. Chuir mise chugaibh mo sheirbhísigh na fáithe gan scor; chuir mise iad lena rá: Ná déanaigí an ní gráiniúil seo is fuath liomsa.

5. Ach ní éisteoidís, ní mó a thabharfaidís aire, agus ligean dá n‑oilc agus gan túis a loscadh a thuilleadh do dhéithe éachtrannacha.

6. Mar sin, doirteadh amach mo bhruth agus m'fhearg, agus lasadh í i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, ionas go bhfuil siad ina bhfásach bánaithe go dtí an lá inniu féin.’

7. Agus anois, is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: ‘Cad chuige a dtabharfadh sibh an t‑anró céanna oraibh féin? An mian libh an uile dhuine idir fhir agus mhná, leanaí agus naíonáin a ghearradh amach as lár Iúdá, ionas nach bhfágfar fuíoll beo agaibh,

8. trí mise a bhrostú chun feirge le hoibreacha bhur lámha féin, ag loscadh túise do dhéithe eachtrannacha i dtír na hÉigipte, áit ar tháinig sibh a chónaí, do bhur mbascadh féin, le go mbeadh sibh mar mhallú agus mar cheap magaidh i measc ciníocha an domhain?

9. Ar lig sibh i ndearmad cionta bhur sinsear, cionta ríthe Iosrael agus cionta a bhflatha, bhur gcionta féin agus cionta bhur mban céile a rinneadh i dtír Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim?

10. Go dtí inniu féin níl uamhan ná aiféala orthu; níor shiúil siad i mo dhlíse ná sna reachta a chuir mé romhaibh, mar a chuir mé roimh bhur sinsir.’

11. “Dá bhri sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Anois cuirfidh mise m'aghaidh in bhur n‑aghaidhse chun oilc, agus do dhíothú Iúdá uile.

12. Scriosfaidh mé fuíoll Iúdá a thug a n‑aighthe a dhul go tír na hÉigipte chun cónaí ansin; éagfaidh siad uile i dtír na hÉigipte; titfidh siad leis an gclaíomh nó díothófar iad leis an ngorta, ó bheag go mór éagfaidh siad leis an gclaíomh agus leis an ngorta; beidh siad ina mallú agus ina n‑uafás, ina mallacht agus ina gceap magaidh.

13. Smachtóidh mise an dream a chónaíonn i dtír na hÉigipte chomh dian céanna agus a smachtaigh mé Iarúsailéim, leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá.

14. De fhuíoll Iúdá a chuaigh go dtí an Éigipt chun cónaí ann, ní rachaidh as agus ní mhairfidh beo aon duine chun filleadh go tír Iúdá mar a bhfuil fonn orthu cónaí aris. Ní fhillfidh aon duine díobh, ach dornán beag dídeanach.’ ”

15. Ansin gach uile fhear dá raibh a fhios aige gur loisc a bhean chéile túis do dhéithe eachtrannacha, agus an uile bhean dár sheas ina bhfochair, comhthionól mór (mar aon leis na daoine uile a chónaíonn i bPatros, i dtír na hÉigipte), d'fhreagair siad Irimia, á rá:

16. “Níl aon rún againn éisteacht leis an bhfocal seo a labhair tú linne in ainm an Tiarna,

17. ach leanúint orainn ag déanamh gach ar gheallamar: ag loscadh túise do Bhanríon Neimhe agus ag doirteadh íobairtí dí di, faoi mar a dhéanaimis, sinn féin agus ár n‑aithreacha, ár ríthe agus ár dtaoisigh, i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: bhí fairsinge bia againn san am sin, bhíomar go maith as, ní fhacamar aon olc.

18. Ach ón uair ar éiríomar as túis a loscadh do Bhanríon Neimhe agus íobairtí dí a dhoirteadh amach di, tá easpa gach ní orainn, agus maraíodh sinn leis an gclaíomh nó leis an ngorta.”

19. [Agus dúirt na mná] “Nuair a loscaimid túis do Bhanríon Neimhe agus nuair a dhoirtimid amach a híobairtí dí, an dóigh leat gur ag déanamh bairíní lena híomhá orthu agus ag doirteadh a híobairtí dí atáimid gan fhios dár bhfir chéile?”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 44