Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 42:10-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. ‘Más toil libh fanacht go sítheach sa tír seo, tógfaidh mise suas sibh agus ní chaithfidh mé síos sibh; plandóidh mé sibh agus ní tharraingeoidh mé aníos sibh. Óir tá aiféala orm faoin olc a rinne mé oraibh.

11. Ná bíodh eagla rí na Bablóine oraibh faoi mar atá; ná bígí i bhfaitíos roimhe - a deir an Tiarna - óir táimse libh do bhur bhfuascailt agus do bhur sábháil as a láimh.

12. Glacfaidh mé trua daoibh, le go mbeidh trua aigesan daoibh agus go ligfidh sé daoibh cur fúibh in bhur ndúiche féin.

13. Ach má deir sibh: Ní maith linn fanacht sa tír seo; agus gan umhlú do ghlór an Tiarna bhur nDia,

14. á rá: Ní hea, ach rachaimid go tír na hÉigipte, áit nach bhfeicfimid cogadh ar bith agus nach gcluinfimid fuaim an stoic agus nach mbeidh easpa aráin orainn; is ann a dhéanfaimid cónaí.

15. Más mar sin é, éistigí le briathar an Tiarna Dia, sibhse a fhuíoll Iúdá. Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael:

16. Má chuireann sibhse bhur n‑aighthe go daingean ar dhul don Éigipt, agus imeacht agus dul a chónaí ann, ansin tiocfaidh i gcríoch, an claíomh, a bhfuil bhur n‑eagla roimhe, go mbéarfaidh sé oraibh i dtír na hÉigipte; agus an gorta, a bhfuil eagla oraibh roimhe, go leanfaidh sé sibh don Éigipt; agus éagfaidh sibh ansin.

17. Is mar sin a bheidh ag an uile fhear a chuirfidh a aghaidh ar dhul a chónaí don Éigipt, éagfaidh siad leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá; ní mhairfidh aon duine acu agus ní rachaidh caonaí slán ón olc a bhéarfaidh mise orthu.

18. Sea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Díreach mar a doirteadh m'fhearg agus m'fhíoch amach ar áitritheoirí Iarúsailéim, is mar an gcéanna a dhoirtfear m'fhearg amach oraibhse, má théann sibh don Éigipt: beidh sibh mar dhíol eascaine agus mar uafás, mar mhasla agus mar cheap magaidh; agus ní fheicfidh sibh an áit seo arís go deo.’ ”

19. [D'fhreagair Irimia: “A fhuíoll Iúdá, deir an Tiarna féin libh: ‘Ná téigí don Éigipt.’ Bíodh a fhios seo agaibh go maith: Thug mise rabhadh sollúnta daoibh inniu féin.

20. Is ag ligean oraibh in bhur gcroí a bhí sibh nuair a chuir sibh mise chun an Tiarna bhur nDia, á rá: ‘Déan idirghuí ar ár son leis an Tiarna ár nDia; inis dúinn an uile ní a déarfaidh an Tiarna ár nDia, agus déanfaimidne é.’

21. Agus anois d'fhoilsigh mé daoibh é, agus níor umhlaigh sibh do ghuth an Tiarna bhur nDia ná d'aon ní den mhéid a d'ordaigh sé dom a rá libh.

22. Anois, ar an ábhar sin, bíodh a fhios agaibh go cinnte go n‑éagfaidh sibh leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá san áit ar mian libh dul agus cónaí a dhéanamh ann.”]

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 42