Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 41:8-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Bhí deichniúr fear orthu, áfach, a dúirt le hÍsmeáéil: “Ná maraigh sinne; tá stór bia i dtaisce againn faoin tuaith - cruithneacht agus eorna, ola agus mil.” Rinne sé anacal orthu, mar sin, agus níor mharaigh iad i measc a ndeartháireacha.

9. An tobar ar theilg Ísmeáéil corpáin na ndaoine uile a mharaigh sé, ba thobar mór é a thochail Ásá an rí ar eagla Bháiseá rí Iosrael. Lion Ísmeáéil mac Natainiá é leis an drong a maraíodh.

10. Ansin rug Ísmeáéil leis an fuíoll uile den phobal a bhí i Miozpá, agus iníonacha an rí a d'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram Ghadailiá mac Aichíceám. Chuir Ísmeáéil mac Natainiá chun bóthair go moch ar a shlí anonn go dtí na hAmónaigh.

11. Nuair a chuala Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm a bhí ina fhochair faoi gach olc dá ndearna Ísmeáéil mac Natainiá,

12. bhailigh siad a gcuid fear agus chuir chun bóthair chun Ísmeáéil mac Natainiá a ionsaí. Tháinig siad suas leis lámh leis an Linn Mhór i nGibeón.

13. Nuair a chonaic a raibh de dhaoine i bhfochair Ísmeáéil, Ióchánán mac Cháiréach chucu agus ceannairí uile an airm in éineacht leis, bhí siad tharstu féin le teann lúcháire.

14. An pobal uile a rug Ísmeáéil i láimh as Miozpá, d'iompaigh siad timpeall agus chuaigh anonn go Ióchánán mac Cháiréach.

15. D'éalaigh Ísmeáéil mac Natainiá ó Ióchánán mar aon le hochtar fear agus theith go dtí na hAmónaigh.

16. Ansin chruinnigh Ióchánán mac Cháiréach, agus ceannairí uile an airm a bhí ina fhochair, na daoine uile a thóg Ísmeáéil mac Natainiá leis as Miozpá tar éis dó Gadailiá mac Aichíceám a mharú: fir, mná agus leanaí, agus coillteáin a thug Ióchánán ar ais ó Ghibeón.

17. Chuir siad chun bóthair agus lig scíth ag Can Cimeam in aice le Beithil. Bhí rompu déanamh ar an Éigipt

18. i bhfad ó na Caildéigh a raibh eagla orthu rompu anois, mar gur mharaigh Ísmeáéil mac Natainiá Gadailiá mac Aichíceám dá ndearna rí na Bablóine rialtóir sa tír.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 41