Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 4:3-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Óir is mar seo a deir an Tiarnale fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim:“Glanaigí go maith bhur bhfearann branair,ná síolchuirigí i measc spíonta.

4. Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna,bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí,(a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim),ar fhaitíos go léimfeadh m'fhearg amach ar nós tine,agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh,mar gheall ar olc bhur ngníomhartha.

5. Foilsígí é in Iúdá, fógraígí é in Iarúsailéim!Séidigí an stoc faoin tuaith,fógraígí os ard agus abraigí:‘Cruinnígí! teannaigí leis na bailte daingne!’

6. Déanaigí eolas an bhealaigh go Síón;teithigí, ná déanaigí moill!Tugaimse olc oraibh ón Tuaisceart,milleadh mór.

7. Tá an leon aníos óna dhoire,tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí,tá sé tagtha óna bhailechun do fhearann a bhánú.Déanfar conamar de do bhailtegan duine ná deoraí iontu.

8. Crioslaígí sibh féin mar sin le sacéadach,caoinigí agus uailligí,mar níor iompaíodh fearg bhorb an Tiarna ar ais uainn.

9. An lá sin - is é an Tiarna a labhraíonn -clisfidh croí an ríagus croí na bprionsaí mar an gcéanna;beidh uafás ar na sagairt,beidh mearbhall ar na fáithe.”

10. [Déarfaidh daoine] ansin, “Ó, a Thiarna Dia,nach mór a mheall tú sinn á rá:‘Beidh síocháin agaibh’,ar an uair féin atá an claíomh ag ár scornach!”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 4