Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 4:20-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Níl de scéala ach anachain ar muin anachaine;déantar fásach den dúiche ar fad;scriostar mo bhothanna go tobann,mo dhídean, in imeacht nóiméid.

21. Cá fhad a chaithfidh mé an meirge a fheiceáil,agus guth an stoic a cloisteáil?

22. “Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta;níl aithne acu orm.Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu.Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh,ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”

23. D'fhéach mé ar an talamh, agus ní raibh ann ach folús;ar na spéartha, agus ní raibh solas iontu.

24. Dhearc mé ar na sléibhte, agus bhíodar ar crith;bhí na harda trí chéile ar bogadh.

25. D'amharc mé, agus, féach, ní raibh duine ann,agus theith éanlaith uile an aeir.

26. D'amharc mé, agus, féach, bhí an dúiche choillteach ina fásach,bhí a bailte uile scriosta,i bhfianaise an Tiarna, i bhfianaise a fheirge fíochmhaire.

27. Óir is mar seo a deir an Tiarna:“Scriosfar an tír ar fad,cuirfidh mise críoch leis den turas deireanach;

28. Is uime seo a chaoinfidh an talamhagus éireoidh na spéartha thuas dubh.Óir tá sé raite agam, is é atá curtha romham,ní thiocfaidh malairt intinne dom, ní rachaidh mé ar gcúl.”

29. Leis an scairt: “Marcshlua agus boghdóirí”teitheann an tír ar fad;tugann dream amháin na doirí orthu,dreapann dream eile suas ar na creaga;tréigtear [an tír uile],ní fhágtar duine ann.

30. Agus tusa, céard tá ar intinn agat a dhéanamh?Bíodh go gcóiríonn tú thú féin faoi scarlóid,go maisíonn thú féin le hornáidí órga,go léiríonn do shúile le dathú,is go díomhaoin a dhéanann tú thú féin sciamhach.Tarcaisníonn d'aos grá thú,is é do bhás a shantaíonn siad.

31. Cluinimse an screadaíl a dhéanfadh bean ag druidim le clann,íona na mná a bheireann a céad leanbh;is é screadaíl iníon Shíón é,a croí ina béal aici, a lámha uaithi amach:“Uch, a thrua mise! i gceartlár lucht marfa.”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 4