Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 4:16-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Fógair a theacht le Iúdá, abair é in Iarúsailéim:‘Tá [naimhde] ag teacht as an imigéin;ardaíonn siad a ngáir chatha in aghaidh bailte Iúdá.

17. Tá siad timpeall Iarúsailéim agus máguairdfearacht lucht coimhéadta goirt,de bhrí go raibh sí easumhal domsa - an Tiarna a labhraíonn.

18. Thug d'iompar féin agus do ghníomhartha na nithe seo ort.Is í seo do chinniúint, agus is searbh í.Cé mar a shroicheann sé do chroí istigh!”

19. Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian.Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh.Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala méfuaim an stoic agus dreasú an chatha.

20. Níl de scéala ach anachain ar muin anachaine;déantar fásach den dúiche ar fad;scriostar mo bhothanna go tobann,mo dhídean, in imeacht nóiméid.

21. Cá fhad a chaithfidh mé an meirge a fheiceáil,agus guth an stoic a cloisteáil?

22. “Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta;níl aithne acu orm.Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu.Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh,ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”

23. D'fhéach mé ar an talamh, agus ní raibh ann ach folús;ar na spéartha, agus ní raibh solas iontu.

24. Dhearc mé ar na sléibhte, agus bhíodar ar crith;bhí na harda trí chéile ar bogadh.

25. D'amharc mé, agus, féach, ní raibh duine ann,agus theith éanlaith uile an aeir.

26. D'amharc mé, agus, féach, bhí an dúiche choillteach ina fásach,bhí a bailte uile scriosta,i bhfianaise an Tiarna, i bhfianaise a fheirge fíochmhaire.

27. Óir is mar seo a deir an Tiarna:“Scriosfar an tír ar fad,cuirfidh mise críoch leis den turas deireanach;

28. Is uime seo a chaoinfidh an talamhagus éireoidh na spéartha thuas dubh.Óir tá sé raite agam, is é atá curtha romham,ní thiocfaidh malairt intinne dom, ní rachaidh mé ar gcúl.”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 4