Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 38:14-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Chuir Zidicíá an rí fios agus rug sé chuige an fáidh Irimia don treas geata i dTeampall an Tiarna. “Teastaíonn focal leat uaim,” arsan rí le Irimia, “ná ceil aon ní orm.”

15. Dúirt Irimia le Zidicíá: “Má dhéanaim foilsiú duit nach gcuirfidh tú chun báis mé go cinnte? Agus má thugaim comhairle duit, ní éisteoidh tú liom.”

16. Ansin mhionnaigh Zidicíá an rí mar seo faoi rún do Irimia: “Mar a mhaireann an Tiarna, a thug an t‑anam seo dúinn, ní chuirfidh mé chun báis thú, ná ní thabharfaidh mé thú i láimh na bhfear seo a iarrann do bhás.”

17. Ansin dúirt Irimia le Zidicíá: “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: ‘Má théann tú amach agus má ghéilleann tú d'oifigigh rí na Bablóine, tabharfaidh tú d'anam leat agus ní dhófar an chathair seo go talamh; mairfidh tú féin agus do chlann.

18. Ach mura dtéann tú amach agus géilleadh d'oifigigh rí na Bablóine, ansin tabharfar an chathair seo i láimh na gCaildéach a dhófaidh go talamh í; agus ní rachaidh tusa óna lámha.’ ”

19. Dúirt an rí Zidicíá le Irimia ansin: “Tá eagla orm roimh na Giúdaigh atá imithe cheana do thaobh na gCaildéach, ar fhaitíos go dtabharfaí ina lámha siúd mé agus go dtabharfaidís ainíde orm.”

20. “Ní thabharfar dóibh thú,” d'fhreagair Irimia, “ach umhlaigh do ghuth an Tiarna a labhraimse leat. Iarraim sin d'achainí ort, agus beidh sé go maith agatsa agus mairfidh tú beo.

21. Ach má dhiúltaíonn tú dul amach, is é seo an scéal a d'fhoilsigh an Tiarna domsa:

22. radharc ar na mná go léir a fágadh i bpálás rí Iúdá, iad á dtreorú amach go hoifigigh rí na Bablóine agus iad ag canadh mar seo: ‘Mheall siad thú; rug siad bua ort, do chairde breátha! An dtéann do chosa faoi sa láib? Siúd leo chun bóthair!’

23. Sea, tabharfar amach do mhná céile uile agus do chlann chun na gCaildéach, agus ní rachaidh tú féin saor óna lámha, ach beidh tú i do phríosúnach i gcrúba rí na Bablóine. Maidir leis an gcathair seo, dófar go talamh [í].”

24. Dúirt Zidicíá ansin le Irimia: “Ná cluineadh duine ar bith eile na briathra seo nó éagfaidh tú.

25. Má chluineann na feidhmeannaigh gur labhair mise leat agus go dtiocfaidh siad chugat agus go n‑abróidh siad: ‘Inis dúinn céard dúirt tú leis an rí agus céard dúirt an rí leat; ná ceil orainn aon rud, nó cuirfimid chun báis thú,’

26. séard a déarfaidh tú leo: ‘Chuir mé an achainí seo i láthair an rí: nach n‑ordódh sé ar ais mé go teach Iónátán chun bás a fháil ann.’ ”

27. Agus go deimhin tháinig na feidhmeannaigh uile chuig Irimia chun é a cheistiú. D'inis sé dóibh díreach mar a d'ordaigh an rí dó. Lig siad dó ansin, mar níor cluineadh focal den chomhrá.

28. D'fhan Irimia i gCúirt an Gharda go dtí an lá a gabhadh Iarúsailéim.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 38