Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 37:10-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Dá mb'ea go leagfadh sibh slua uile na gCaildéach atá ag troid in bhur n‑aghaidh anois agus nach mairfeadh díobh ach na fir loite, d'éireoidís arís, gach uile fhear acu ina bhoth, chun an chathair seo a dhó go talamh.’ ”

11. Tharla, nuair a scoir slua na gCaildéach den léigear ar Iarúsailéim ar eagla shlua Fhorainn,

12. gur thug Irimia aghaidh ó Iarúsailéim le dul go tír Bhiniáimin chun a shealúchas a dhealú ansin i measc a phobail féin.

13. Bhí sé i nGeata Bhiniáimin nuair a thóg fear faire ansin darb ainm Iríá mac Shealaimiá, mac Hanainiá, Irimia fáidh i láimh. “Tá tú ag dul do thaobh na gCaildéach,” ar sé.

14. “Ní fíor sin!” a dúirt Irimia. “Nílimse ag dul do thaobh na gCaildéach.” Ach ní éisteodh Iríá le Irimia agus thóg i láimh é go dtí na feidhmeannaigh.

15. Bhí na feidhmeannaigh ar deargbhuile le Irimia, d'ordaigh siad é a bhualadh agus a chur faoi ghlas i dteach Iónátán rúnaí a ndearnadh príosún de.

16. Is mar sin a d'éirigh do Irimia a bheith i gcillín faoi thalamh. Agus d'fhan sé seal fada ann.

17. Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.

18. Ansin dúirt Irimia leis an rí Zidicíá: “Céard a rinne mise i d'aghaidhse, nó in aghaidh do sheirbhíseach, nó in aghaidh an phobail seo, as ar chuir tú i bpríosún mé?

19. Cén áit anois a bhfuil do fháithe a thairngir duit á rá: ‘Ní thiocfaidh rí na Bablóine in bhur n‑aghaidhse, ná in aghaidh na tíre seo?’

20. Éist anois liom, iarraim d'achainí ort, mo thiarna an rí; go nglactar go fabhrach leis an impí a dhéanaim i do láthair. Ná hordaigh mé a bhreith ar ais go teach Iónátán rúnaí, ar fhaitíos go bhfaghainn bás ansin.”

21. Ansin d'ordaigh Zidicíá an rí go gcuirfí Irimia i láimh i gCúirt an Gharda agus go dtabharfaidís dó gach lá bollóg aráin as Sráid na bhFuinteoirí chomh fada agus a bheadh arán fágtha sa chathair. Mar sin d'fhan Irimia i gCúirt an Gharda.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 37