Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 36:14-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. D'aontaigh na feidhmeannaigh ansin Iahúidí mac Natainiá agus Sealaimiá mac Chúisi a chur go Barúch á rá: “Tar, agus beir leat an scrolla a léigh tú in éisteacht an phobail.” Thóg Barúch mac Néiria an scrolla mar sin agus tháinig chucu.

15. “Suigh síos,” ar siad, “agus léigh amach dúinne é.” Léigh Barúch é mar sin dóibh.

16. Nuair a chuala siad na briathra uile tháinig scanradh ar gach fear acu agus ar siad: “Go deimhin ní mór dúinn na briathra seo uile a insint don rí.”

17. D'fhiafraigh siad ansin de Bharúch: “Inis dúinn,” ar siad, “conas a scríobh tú na briathra seo uile.”

18. “Dheachtaigh Irimia dom iad lena bhéal,” d'fhreagair Barúch, “agus scríobh mise le dúch iad sa scrolla seo.”

19. Ansin dúirt na feidhmeannaigh le Barúch: “Imigh, téigh i bhfolach, thusa agus Irimia; agus ná bíodh a fhios ag aon duine cén áit a mbeidh sibh.”

20. Leis sin amach leo go dtí an rí i gcúirt an pháláis tar éis an scrolla a chur i dtaisce i seomra Eilíseámá an rúnaí. Agus d'inis siad an scéal go léir don rí.

21. Chuir an rí Iahúidí faoi dhéin an scrolla agus rug seisean leis é as seomra Eilíseámá an rúnaí, agus léigh amach don rí é agus do na feidhmeannaigh uile agus iad ina seasamh timpeall an rí.

22. Bhí an rí ina shuí ina sheomra geimhridh - ba é an naoú mí é - agus bhí tine ar lasadh ar an teallach os a chomhair.

23. Ní raibh uair dá mbíodh a trí nó a cheathair de cholúin léite ag Iahúidí nach ngearradh an rí iad le scian scríobhaí agus go gcaitheadh isteach sa tine ar an teallach iad nó gur dódh an scrolla ar fad sa tine ar an teallach.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 36