Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 35:10-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. ach cónaímid i mbothanna. D'umhlaíomar agus rinneamar de réir an uile ní dár ordaigh Iónádáb ár sinsear dúinn.

11. Ach tharla, nuair a d'ionsaigh Nabúcadnazar rí na Bablóine an tír seo, go ndúramar: Tagaigí! téimis suas go Iarúsailéim ar eagla slua na gCaildéach agus slua Árám.’ Is mar sin a chuireamar fúinn in Iarúsailéim.”

12. Ansin tháinig briathar an Tiarna go Irimia.

13. “Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Imigh agus inis do mhuintir Iúdá agus do áitritheoirí Iarúsailéim: Nach bhfaigheadh sibh teagasc agus éisteacht le mo bhriathrasa? Is é an Tiarna a labhraíonn.

14. Comhlíonadh briathar Iónádáb mhic Raecáb nuair a d'ordaigh sé dá chlainn mhac gan fíon a ól; go dtí inniu féin ní ólann siad aon deor, ach umhlaíonn siad d'ordú a sinsir. Ach labhair mise libhse gan stad gan staonadh, ach níor éist sibh liom.

15. Chuir mé chugaibh mo sheirbhísigh uile, na fáithe, go minic agus go himpíoch á rá: Filleadh gach aon fhear agaibh óna dhrochshlí, agus leasaigí bhur ngníomhartha agus ná himígí i ndiaidh déithe eile á n‑adhradh; fanfaidh sibh mar sin ar an talamh a thug mise daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha. Ach ní éistfeadh sibh liom.

16. Choinnigh clann mhac Iónádáb mhic Raecáb aithne a sinsir a thug sé dóibh, ach níor éist an pobal seo liomsa.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 35