Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 35:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna i laethanta Iahóiácaím mhic Ióisíá, rí Iúdá:

2. “Imigh go clann na Raecáibíoch agus labhair leo; tabhair go Teampall an Tiarna iad, go ceann de na seomraí, agus tairg dóibh fíon le hól.”

3. Rug mise mar sin Iázainiá mac Irimia, mac Habaizinia, mar aon lena dheartháireacha agus a chlann mhac uile: clann iomlán na Raecáibíoch liom.

4. Thug mé go Teampall an Tiarna iad, go seomra mhic Hánán, mac Igdiliá, óglach Dé, láimh le seomra na n‑oifigeach, os cionn seomra Mhásaeiá mhic Shealúm, coimeádaí an dorais.

5. Leag mé ansin os comhair fir chlann na Raecáibíoch soithí lán d'fhíon agus cupáin, agus dúirt mé leo. “Ólaigí deoch fíona.”

6. Dúirt siadsan: “Ní ólaimidne fíon, óir d'ordaigh Iónádáb mac Raecáb ár sinsear dúinn: ‘Ní ólfaidh sibh fíon, sibh féin ná bhur mic go brách.

7. Ní mó a thógfaidh sibh tithe; ní chuirfidh sibh síol, ní phlandóidh fíniúin ná ní shealbhóidh sibh áitreabh; ach déanfaidh sibh cónaí ar feadh bhur laethanta i mbothanna, ionas go mairfidh sibh i bhfad sa dúiche a mbeidh sibh in bhur n‑eachtrannaigh.’

8. D'umhlaíomar do ghuth Iónádáb mhic Raecáb, ár sinsear san uile ní dár ordaigh sé dúinn; gan fíon a ól feadh ár mbeatha, sinn féin, ár mná, ár mic, ná ár n‑iníonacha,

9. ná tithe a thógáil dúinn féin le cónaí iontu; ní mó mar atá fíniúin againn ná talamh curtha,

10. ach cónaímid i mbothanna. D'umhlaíomar agus rinneamar de réir an uile ní dár ordaigh Iónádáb ár sinsear dúinn.

11. Ach tharla, nuair a d'ionsaigh Nabúcadnazar rí na Bablóine an tír seo, go ndúramar: Tagaigí! téimis suas go Iarúsailéim ar eagla slua na gCaildéach agus slua Árám.’ Is mar sin a chuireamar fúinn in Iarúsailéim.”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 35