6. Ach féach, brostóidh mise chucu biseach agus leigheas; leigheasfaidh mé iad agus cuirfidh mé in aithne dóibh iomláine na síochána agus na sábháilteachta.
7. Déanfaidh mé Iúdá agus Iarúsailéim a athnuachain agus atógfaidh mé iad mar a bhí siad an chéad uair.
8. Glanfaidh mé iad ón uile pheaca a rinne siad i mo aghaidhse; na peacaí lenar mhaslaigh siad mise agus lenar thug cúl liom, maithfidh mé iad uile dóibh.
9. Agus beidh Iarúsailéim ina cúis athais domsa, ina cúis maíte agus onóra i láthair a bhfuil de chiníocha ar talamh; nuair a chluinfidh siadsan an uile mhaith atá á dhéanamh agam tiocfaidh eagla agus uamhan orthu mar gheall ar an uile shéan agus síocháin a sholáthraím di.’
10. Is mar seo a deir an Tiarna: ‘San áit seo, a deir tusa: Is uaigneach é gan duine ná ainmhí; i mbailte Iúdá agus i sráideanna briste Iarúsailéim mar nach bhfuil duine ná ainmhí, cluinfear arís
11. guth na lúcháire agus an ghairdeachais, glórtha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, agus an dream a bheir íobairtí buíochais go Teampall an Tiarna ag gabháil foinn:Molaigí Tiarna na Slua,óir is maith é an Tiarna,óir maireann a bhuanghrá go brách.“Óir atógfaidh mé an tír seo mar an gcéad uair. Fógraíonn an Tiarna é!’
12. Is mar seo a deir Tiarna na Slua: ‘San áit seo, san fhásach seo gan duine ná ainmhí agus ina bhailte uile, beidh tailte féaraigh arís, áit a gcuirfidh aoirí a dtréada ina luí.
13. I mbailte uile na nArdán, ar an Achréidh agus sa Neigib, i ndúiche Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim agus i mbailte Iúdá, imeoidh na tréada arís faoi lámha an té a áiríonn iad. Fógraíonn an Tiarna é.
14. Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus comhlíonfaidh mé an gheallúint a rinne mé do theach Iosrael agus do theach Iúdá:
15. Sna laethanta sin agus san am sincuirfidh mise d'fhiacha ar Bheangán fíréantafás suas do Dháiví,agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa tír.
16. Sábháilfear Iúdá sna laethanta sinagus mairfidh Iarúsailéim i ndóchas.Agus is é seo an t‑ainm a thabharfar ar an gcathair:An Tiarna Ár bhFíréantacht.’
17. “Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Ní bheidh in easnamh ar Dháiví choíche sliochtach fireann a shuífidh i gcathaoir ríoga theach Iosrael.
18. Ní bheidh in easnamh ach an oiread ar shagairt na Léivíteach sliochtach fireann a sheasfaidh i mo láthairse a ofráil íobairte loiscthe, a loscadh abhlainne agus a ofráil íobairte gach lá.’ ”
19. Tháinig briathar an Tiarna go Irimia.