Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 33:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhí Irimia fós i bpríosún i gCúirt an Gharda nuair a tháinig briathar an Tiarna chuige an dara huair.

2. “An Tiarna, an té a chruthaigh an talamh, a chum agus a dhaingnigh í - an Tiarna a ainm - deir sé é seo:

3. Glaoigh ormsa agus freagróidh mé thú; inseoidh mé duit rúndiamhra móra nach feasach duit dada fúthu.

4. Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia Iosrael, i dtaobh tithe na cathrach seo agus i dtaobh phálás rí Iúdá atá le scriosadh. In aghaidh mótaí agus pailís

5. rachaidh siad ag troid leis na Caildéigh, ach is ag líonadh na cathrach a bheidh siad le corpáin na ndaoine a leagfaidh mise ar lár i mo fheirg agus i m'fhraoch, [an dream] ar fholaigh mé m'aghaidh orthu mar gheall ar a n‑olcas.

6. Ach féach, brostóidh mise chucu biseach agus leigheas; leigheasfaidh mé iad agus cuirfidh mé in aithne dóibh iomláine na síochána agus na sábháilteachta.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 33