Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 31:29-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. “Sna laethanta sin ní abróidh daoine níos mó:‘D'ith na haithreacha caora searbha;agus cuireadh déistin ar fhiacla na clainne.’

30. “Ach éagfaidh gach duine ar son a pheaca féin. Gach duine a itheann caora searbha, is ar a fhiacla féin a bheidh déistin.”

31. “Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a ndéanfaidh mé conradh nua le teach Iosrael (agus le teach Iúdá),

32. ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n‑aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach as críoch na hÉigipte. Bhriseadar an conradh sin orm, gur thaispeáin mé dóibh cérbh é an máistir - an Tiarna a labhraíonn.

33. Ach is é seo an conradh a dhéanfaidh mé le teach Iosrael nuair a thiocfaidh na laethanta sin - an Tiarna a labhraíonn: Cuirfidh mé mo dhlí iontu istigh agus scríobhfaidh mé ina gcroí é. Beidh mé ansin i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.

34. Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó - an Tiarna a labhraíonn - óir maithfidh mé a n‑éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.”

35. An Tiarna a bheir an ghrian mar sholas sa lá,an ghealach agus na réaltaí mar sholas san oíche,a shuaitheann an fharraige agus a bheir ar a tonnta búirthíl,an té darb ainm Tiarna na Slua, deir sé é seo:

36. “Dá n‑imeodh na reachta daingne seo as mo radharc- an Tiarna a labhraíonn -ar an uair sin amháin is ea a chuirfinnse síolra Iosraeló bheith ina chine i m'fhianaise go brách.

37. Dá mb'fhéidir choíche neamh thuas a thomhas,agus fuaimint na talún thíos a spíonadh,is ar an uair sin amháin a theilgfinn díom clann Iosraelar son gach a ndearna siad- an Tiarna a labhraíonn.”

38. “Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a n‑atógfar cathair Iarúsailéim ó Thúr Hananael go Geata an Choirnéil.

39. Ansin sínfidh arís eile an dorú tomhais caol díreach anonn ar Chnoc Gháraeb ag déanamh ina dhiaidh sin ar Ghoá.

40. Agus an gleann frí chéile, gona chorpáin is a luaithreach, agus na goirt uile cois sruth Chidreon soir chomh fada le coirnéal Gheata na nEach, beidh sin coisricthe don Tiarna. Ní scriosfar arís é ná ní mhillfear arís é go deo.”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 31