Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 31:16-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Is mar seo a deir an Tiarna:Éirígí as bhur gcaoineadh,triomaígí bhur súile;déanfar bhur saothar a chúiteamh- an Tiarna a labhraíonn.Tiocfaidh siad ar ais ó thír a namhad.

17. Tá dóchas ann do do shliocht;tiocfaidh do chlann mhac ar ais dá gcríocha féin.

18. Go deimhin cluinim éamh Eafráim:‘Smachtaigh tú mé, ghlac mé an smachtúmar tharbh óg gan smacht;beir ar ais mé, lig dom teacht ar ais;óir is tú an Tiarna mo Dhia.

19. Sea, d'iompaigh mé i leataobh,ach tháinig aithrí orm ó shin;tháinig tuigsin chugam, bhuail mé m'ucht.Bhí deargnáire orm, níor thóg mé mo cheann;sea, lean dom go fóill míchlú m'óige.’

20. An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin?An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh,nach bhfuil uair dá mbagraím airnach ag cuimhneamh air a bhím,nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon,go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh?Is é an Tiarna a labhraíonn.

21. Cuir suas duit féin comharthaí bóthair,ardaigh clocha críche;tabhair suntas maith don tslí,an tslí ar imigh tú.Tar abhaile, a mhaighdean Iosrael,tar abhaile go dtí na bailte seo is leatsa.

22. Cá fada a bheidh tú go stadach, a iníon mhídhílis?Óir tá ní nua á chruthú ag an Tiarna ar talamh:Rachaidh an Bhean arís ar lorg a Fir Chéile.”

23. Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Bainfidh siad leas athuair as na briathra seo i dtír Iúdá agus ina bailte nuair a thabharfaidh mé ar ais iad:‘Go mbeannaí an Tiarna thusa,a choimín an chirt,a shliabh na naofachta!’

24. “Cuirfidh fúthu sa tír seo, Iúdá agus a bhailte uile, na feirmeoirí agus an dream a dhéanann buachailleacht ar na tréada.

25. Óir tugaimse suaimhneas don anam cortha agus sólás don anam doilíosach.”

26. Agus uaidhsean:Dhúisigh mé agus bhí [athbheocht] ionam,agus ba shámh é mo chodladh.

27. “Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus síolchuirfidh mé teach Iosrael agus teach Iúdá le síol an duine agus le síol an bheithígh.

28. Agus faoi mar a bhí mé ag faire orthu uair amháin, a réabadh aníos agus a bhriseadh, a chaitheamh síos, a scrios agus a mhilleadh, is mar sin a bheidh mé anois, a thógáil agus a phlandú. An Tiarna a labhraíonn.”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 31