Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 29:3-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Seachadadh an litir le cabhair Ealásá mac Sheáfán agus Ghamairiá mac Hilcíá a chuir Zidicíá rí Iúdá don Bhablóin go Nabúcadnazar rí na Bablóine. Mar seo a ghabh an litir:

4. Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, leis na deoraithe uile a tugadh ar shiúl ó Iarúsailéim don Bhablóin:

5. “Tógaigí tithe, déanaigí cónaí iontu; cuirigí garraithe agus ithigí a dtorthaí;

6. tógaigí mná agus ginigí mic agus iníonacha; toghaigí mná do bhur mic; faighigí fir do bhur n‑iníonacha le go mbeire siadsan, ar a seal, mic agus iníonacha; caithfidh sibh dul i líonmhaire ansin agus ní i laghad.

7. Déanaigí leas na [tíre] inar chuir mise sibh ar deoraíocht; guígí chun an Tiarna ar a son, óir is ar a leas siúd atá seasamh bhur leasa-sa ag brath,”

8. ach is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Ná mealladh bhur bhfáithe sibh ná na greasadóirí atá in bhur measc; ná héistigí leis na haislingeacha a aislingíonn siad,

9. óir tairngríonn siad daoibh go bréagach i m'ainmse. Ní mise a chuir uaim iad - an Tiarna a labhraíonn.’ ”

10. Óir is mar seo a deir an Tiarna: “Ní go mbeidh an seachtó bliain a deonaíodh don Bhablóin istigh, a thiocfaidh mé ar cuairt chugaibh agus a chomhlíonfaidh mé mo gheallúint daoibh, sibh a thabhairt ar ais don áit seo.

11. Óir tá fios mo smaointe agam in bhur dtaobh - an Tiarna a labhraíonn - smaointe síochána agus ní oilc, a thabhairt croí agus dóchais daoibh.

12. Ansin nuair a ghlaoifidh sibh ormsa, nuair a thiocfaidh sibh chun impí ormsa, éistfidh mé libh.

13. Nuair a iarrfaidh sibh mé gheobhaidh sibh mé, nuair a iarrfaidh sibh mé le bhur gcroí go hiomlán.

14. Beidh mise ar fáil agaibh - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais bhur gcuid daoibh, agus cruinneoidh mé sibh as na ciníocha uile agus as gach uile áit ar dhíbir mé sibh, an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais sibh chun na háite as ar ruaig mé sibh.

15. B'fhéidir go n‑abróidh sibh: ‘Thóg an Tiarna fáithe suas dúinn sa Bhablóin’,

16. Óir is mar seo a deir an Tiarna faoin rí a shuíonn anois ar ríchathaoir Dháiví agus faoi na daoine eile a chónaíonn sa chathair seo, bhur ndeartháireacha nach ndeachaigh amach libh i mbraighdeanas.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 29