Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 29:16-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Óir is mar seo a deir an Tiarna faoin rí a shuíonn anois ar ríchathaoir Dháiví agus faoi na daoine eile a chónaíonn sa chathair seo, bhur ndeartháireacha nach ndeachaigh amach libh i mbraighdeanas.

17. Is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Tabharfaidh mé anois an claíomh orthu, an gorta agus an phlá; déanfaidh mé cosúil le fígí lofa iad nach féidir a ithe ar a n‑olcas.

18. Leanfaidh mé iad leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá, agus déanfaidh mé díol uafáis díobh do ríochtaí uile an domhain, ina mallú, ina n‑iontas, ina magadh, ina scige i measc na gciníocha uile inar dhíbir mé iad,

19. de bhrí nár éist siad le mo bhriathra - an Tiarna a labhraíonn - bíodh agus gur chuir mé chucu gan scor mo sheirbhísigh, na fáithe. Níorbh áil leo ina dhiaidh sin éisteacht - an Tiarna a labhraíonn.”

20. Ach, a dheoraithe uile a chuir mé ó Iarúsailéim don Bhablóin, éistigí briathra an Tiarna:

21. “Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, i dtaobh Acháb mhic Chóláiá agus Zidicíá mhic Mhásaeiá a thairngríonn bréaga daoibh i m'ainmse: ‘Seachadfaidh mé iad i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine a mharóidh iad os comhair bhur súl.

22. Uathusan an mhallacht seo a bheidh ar bhéala deoraithe uile Iúdá sa Bhablóin: Go ndéana an Tiarna thusa cosúil le Zidicíá agus Acháb a bhruith rí na Bablóine beo beathach.

23. Sin oidhe an dreama a dhéanann míchlú in Iosrael, ag déanamh adhaltranais le mná a gcomharsana, ag labhairt briathra bréagacha i m'ainmse gan ordú uaimse. Tá a fhios agamsa ina dhiaidh sin; feicim, an Tiarna a labhraíonn.’ ”

24. Chuir Seamaiá as Nihealám litir uaidh féin

25. chuig an bpobal uile in Iarúsailéim, an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá agus chuig na sagairt uile á rá:

26. “Rinne an Tiarna sagart díotsa mar chomharba Iahoideá chun riail a choinneáil i dTeampall an Tiarna; i gcás an duine atá ar mire agus a dhéanann fáidh de féin is é do dhualgas é siúd a chur sna ceapa agus i gcoiléar iarainn.

27. Ós amhlaidh atá, cad chuige nár smachtaigh tú Irimia ó Anatót a dhéanann fáidh de féin daoibhse?

28. Óir faoi scáth an chur i gcéill seo sheol sé teachtaireacht chugainne sa Bhablóin á rá: ‘Is fada an daoirse seo. Tógaigí tithe, déanaigí cónaí iontu, cuirigí garraithe agus ithigí a dtorthaí.’ ”

29. Léigh Zafainiá sagart an litir seo os ard do Irimia fáidh.

30. Ach tháinig briathar an Tiarna go Irimia:

31. “Cuir an teachtaireacht seo chun na ndeoraithe uile: ‘Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Sheamaiá ó Nihealám: De bhrí gur thairngir Seamaiá daoibhse agus nach mise a chuir uaim é, agus mar gur thug sé oraibh dóchas a chur anois i mbréag,

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 29