Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 27:18-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Dá mba fháithe iad agus dá mbeadh briathar an Tiarna leo, bheidís anois ag guí Tiarna na Slua nach dtógfaí don Bhablóin na soithí atá fágtha i dTeampall an Tiarna, i bpálás rí Iúdá agus in Iarúsailéim.

19. Óir is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh (na gcolún, na farraige, na seastán agus) na soithí eile atá fós sa chathair seo,

20. na cinn nár rug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis nuair a rug sé Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, i láimh leis ó Iarúsailéim don Bhablóin mar aon le maithe uile Iúdá agus Iarúsailéim.

21. Is ea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, faoi na soithí atá fágtha fós i dTeampall an Tiarna, i bpálás rí Iúdá agus in Iarúsailéim:

22. Tabharfar don Bhablóin iad, agus beidh siad ann nó go dté mise faoina ndéin - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mise ar ais iad ansin agus cuirfidh san áit seo iad.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 27