Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 26:13-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Mar sin leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha; umhlaígí do ghuth an Tiarna bhur nDia; má dhéanann sibh sin, beidh aithreachas air agus, an t‑olc a d'fhógair sé in bhur n‑aghaidh, ní dhéanfaidh sé é.

14. Maidir liomsa, féach, táim in bhur lámha. Déanaigí liom mar is maith agus is cóir libh.

15. Ach bíodh a fhios agaibh seo go dearfa, má chuireann sibh chun báis mé, go dtabharfaidh sibh go deimhin fuil neamhchiontach oraibh féin, ar an gcathair seo agus ar a muintir, óir go fírinneach sheol an Tiarna mise chugaibh a labhairt na mbriathra seo uile in bhur gcluasa.”

16. Ansin dúirt na feidhmeannaigh agus an pobal uile leis na sagairt agus na fáithe: “Ní cóir an fear seo a chur chun báis, óir labhair sé linn in ainm an Tiarna, ár nDia.”

17. D'éirigh roinnt de sheanóirí na tíre ina seasamh agus labhair siad le hoireachtas uile an phobail.

18. “Thairngir Míocá an Móirisiteach i laethanta Hiziciá rí Iúdá,” a dúirt siad, “agus ba é a dúirt sé le muintir uile Iúdá: ‘Mar seo a deir an Tiarna:Déanfar fearann treafa de Shíón,agus carnán bruscair de Iarúsailéim,beidh cnoc an Teampaill ina ardán coillteach.’

19. “Ar chuir Hiziciá rí Iúdá agus pobal uile Iúdá chun báis é mar gheall air sin? Nár mhó, agus eagla roimh an Tiarna orthu, a d'iarr siad fabhar air go mb'aithreach leis an t‑olc a bhí fógraithe aige ina n‑aghaidh? An gcuirfimidne anois an choir seo mar ualach ar ár n‑anamacha?”

20. Bhí fear eile ann freisin a thairngir in ainm an Tiarna, Úiríá mac Sheamaiá, ó Chiriat Iáraím. Thairngir seisean in aghaidh na cathrach seo agus in aghaidh na tíre seo na nithe céanna díreach agus a thairngir Irimia.

21. Nuair a chuala Iahóiácaím an rí, mar aon lena airí agus a fheidhmeannaigh uile, a bhriathra, theastaigh uaidh é a chur chun báis. Nuair a chuala Úiríá é sin tháinig eagla air agus theith sé don Éigipt.

22. Ach chuir Iahóiácaím an rí, Ealnátán mac Acbór agus daoine eile leis don Éigipt.

23. Thug siad Úiríá amach as an Éigipt agus rug siad go Iahóiácaím an rí é; mharaigh seisean leis an gclaíomh é agus theilg a chorpán isteach i reilig na ndaoine coitianta.

24. Ach sheas Irimia faoi choimirce Aichíceám mhic Sheáfán, agus níor tugadh é ar láimh don phobal le cur chun báis.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 26