Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 26:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. I dtosach réim Iahóiácaím mhic Iósíá, rí Iúdá, tháinig an briathar seo [go Irimia] ón Tiarna:

2. “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Seas i gcúirt Theampall an Tiarna. Le muintir uile chathracha Iúdá a thagann go Teampall an Tiarna a adhradh, abair na briathra uile a d'ordaigh mise duit a labhairt leo; ná fág siolla ar lár.

3. B'fhéidir go n‑éistfidh siad agus go bhfillfidh gach aon duine óna dhrochshlí; má fhilleann, tiocfaidh aithreachas ormsa faoin olc atá ar intinn agam a dhéanamh orthu mar gheall ar a míghníomhartha.

4. Abair leo: Seo mar a deir an Tiarna: Mura n‑éisteann sibh liomsa trí mo dhlí a chuir mé romhaibh a chomhlíonadh,

5. trí aird a thabhairt ar bhriathra mo sheirbhíseach, na fáithe, a sheolaim chugaibh gan scor agus nár éist sibh leo,

6. déanfaidh mise an Teampall seo cosúil le Sileo, agus déanfaidh mé an chathair seo ina mallacht do chiníocha uile an domhain.’ ”

7. Chuala na sagairt agus na fáithe agus an pobal uile Irimia ag rá na mbriathar sin i dTeampall an Tiarna.

8. Nuair a bhí gach rud ráite ag Irimia a d'ordaigh an Tiarna dó a rá leis an bpobal uile, rug na sagairt agus na fáithe air agus dúirt siad: “Go deimhin cuirfear chun báis thú.

9. Cad chuige ar thairngir tú in ainm an Tiarna á rá: ‘Beidh an Teampall seo cosúil le Sileo, agus beidh an chathair seo uaigneach agus gan áitreabhach’?” Agus bhí an pobal uile ag plódú thart ar Irimia i dTeampall an Tiarna.

10. Nuair a chuala feidhmeannaigh Iúdá é seo tháinig siad aníos ó phálás an rí go dtí Teampall an Tiarna agus shuigh síos i mbéal Gheata Nua Theampall an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 26