Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 24:4-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Tháinig briathar an Tiarna chugam á rá:

5. “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Faoi mar is maith iad na fígí seo, is amhlaidh sin a rachaidh mé i gcúram lucht deoraíocht Iúdá a sheol mé amach as an áit seo go tír na gCaildéach.

6. Cuirfidh mé mo shúile orthu ar mhaithe leo agus tabharfaidh mé ar ais don dúiche seo arís iad. Tógfaidh mé iad agus ní leagfaidh mé anuas iad, cuirfidh mé i dtalamh iad agus ní tharraingeoidh mé aníos iad.

7. Tabharfaidh mé croí dóibh le go n‑aithneoidh siad gur mise an Tiarna. Beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan, óir fillfidh siad orm ó lán a gcroí.

8. Maidir leis na drochfhígí, nárbh fhéidir a ithe ar a n‑olcas - go deimhin is mar seo a deir an Tiarna - is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé le Zidicíá rí Iúdá, a phrionsaí agus fuílleach Iarúsailéim a d'fhan sa tír seo, agus fós an dream a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte.

9. Déanfaidh mé díol uafáis díobh i súile ríochtaí uile na talún, chun bheith ina scannal, ina leathfhocal, ina gceap magaidh, ina mallú san uile áit a ndíbreoidh mé iad.

10. Cuirfidh mé an claíomh, an gorta agus an phlá ina gcoinne go scriosfar iad as an talamh a thug mé dóibh féin agus dá n‑aithreacha.”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 24