Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 24:3-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ansin dúirt an Tiarna liomsa: “Céard a fheiceann tú, a Irimia?” Dúirt mise: “Fígí, na cinn mhaithe rómhaith, na droch-chinn ró-olc ionas nach féidir iad a ithe ar a n‑olcas.”

4. Tháinig briathar an Tiarna chugam á rá:

5. “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Faoi mar is maith iad na fígí seo, is amhlaidh sin a rachaidh mé i gcúram lucht deoraíocht Iúdá a sheol mé amach as an áit seo go tír na gCaildéach.

6. Cuirfidh mé mo shúile orthu ar mhaithe leo agus tabharfaidh mé ar ais don dúiche seo arís iad. Tógfaidh mé iad agus ní leagfaidh mé anuas iad, cuirfidh mé i dtalamh iad agus ní tharraingeoidh mé aníos iad.

7. Tabharfaidh mé croí dóibh le go n‑aithneoidh siad gur mise an Tiarna. Beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan, óir fillfidh siad orm ó lán a gcroí.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 24