Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 22:3-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Is mar seo a deir an Tiarna: Cleachtaigí macántacht agus fíréantacht; saoraigí an truán as láimh an té a dhéanann leatrom air; ná déanaigí éagóir ar an gcoimhthíoch, ar an dílleachta, ar an mbaintreach; ná déan éigean; ná doirt fuil neamhchiontach san áit seo.

4. Má dhéanann sibh amhlaidh go coinsiasach, leanfaidh ríthe atá ina suí ar ríchathaoir Dháiví orthu ag dul geataí an pháláis seo isteach, ag marcaíocht i gcarbaid agus ar eachra, iad féin a seirbhísigh agus a muintir.

5. Ach mura n‑éisteann sibh leis na briathra seo, mionnaim dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn - go mbeidh an pálás seo ina fhásach.

6. Sea, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh pálás rí Iúdá:Ba Ghileád thú agamsa,Ba bheann de chuid na Liobáine thú;mar sin féin, déanfaidh mé fásach díot,baile gan áitritheoir ann.

7. Tá fir do mhillte tofa agam,ag gach uile fhear acu tá a thua;gearrfaidh siad anuas na céadair is fearr agat,agus teilgfidh sa tine iad.

8. “ ‘Nuair a ghabhfaidh sluaite na náisiún thar an gcathair seo, déarfaidh siad lena chéile: Cad chuige go ndearna an Tiarna é seo leis an gcathair mhór seo?

9. Is é an freagra a thabharfar: Mar thréig siad conradh an Tiarna a nDia chun déithe eile a adhradh agus fónamh a dhéanamh dóibh.’

10. Ná golaigí ar son an mhairbh, ná caoinigí é.Ach golaigí go géar ar son an té a d'imigh,óir ní thiocfaidh sé ar ais go deo,ní fheicfidh sé a thír dhúchais arís go brách.

11. “Óir is mar seo a dúirt an Tiarna i dtaobh Sealúm mac Ióisíá, rí Iúdá, a bhí ina rí i ndiaidh a athar Ióisíá agus arbh éigean dó imeacht ón áit seo: ‘Ní fhillfidh sé ar an áit seo níos mó

12. ach éagfaidh sé san áit a ndearna siad cime de é; agus ní fheicfidh sé an tír seo arís.’ ”

13. “Is mairg don té a leagann dúshraith a pháláis le héigeart,agus a sheomraí uachtair le héagóir,a thógann seirbhís a chomharsan gan tuarastal,agus nach n‑íocann é ar son a shaothair,

14. a deir: ‘Déanfaidh mé dom féin pálás fairsingle seomraí leathana in airde’,a ghearrann fuinneoga amach anna chumhdaíonn sé le céadaragus a phéinteálann le flanndearg.

15. An móide de rí thú daoine eile a shárú le céadair?D'ith d'athair agus d'ól sé, mar a dhéanann tusa,ach chleacht seisean macántacht agus ceart;mar sin bhíothas go maith aige.

16. Dhéanadh sé breithiúnas ar chúis an bhoicht agus an easpaithigh,ansin bhíothas go maith aige.Nach é sin mise a aithint? - an Tiarna a labhraíonn.

17. Ach níl do shúilese ná do chroíach ar son do shainte féin,a dhoirteadh fuil neamhchiontaighagus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 22