Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 22:26-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Tusa agus do mháthair a rug thú, caithfidh mé amach sibh go tír eile; ní ann a rugadh sibh ach is ann a gheobhaidh sibh beirt bás.

27. Ní fhillfidh siad chun na tíre inar mian leo filleadh.”

28. An pota briste, beagmhaitheasach é,an fear seo Coiniá,an soitheach é gan dúil ag aon duine ann?Cad chuige ar teilgeadh amach iad,é féin agus a shliocht,ar teilgeadh iad do thír nach aithnid dóibh?

29. Ó a thalaimh, a thalaimh, a thalaimh,éist le briathar an Tiarna!

30. Is mar seo a deir an Tiarna“Scríobhaigí an fear seo faoin teideal:gan chlann; duine nár rug biseach lena laethanta,óir ní thiocfaidh le haon fhear dá shliochtsuí i ríchathaoir Dháiví,ná rialú arís in Iúdá.”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 22