24. “Faoi mar a mhairim - an Tiarna a labhraíonn - dá mbeadh Coiniá mac Iahóiácaím rí Iúdá, ina fháinne séala ar mo dheasláimh, mar sin féin tharraingeoinn as sin é.
25. Tabharfaidh mé thú i lámha na muintire a iarrann do bhás, i láimh an dreama a bhfuil eagla ort rompu, i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, i láimh na gCaildéach.
26. Tusa agus do mháthair a rug thú, caithfidh mé amach sibh go tír eile; ní ann a rugadh sibh ach is ann a gheobhaidh sibh beirt bás.
27. Ní fhillfidh siad chun na tíre inar mian leo filleadh.”
28. An pota briste, beagmhaitheasach é,an fear seo Coiniá,an soitheach é gan dúil ag aon duine ann?Cad chuige ar teilgeadh amach iad,é féin agus a shliocht,ar teilgeadh iad do thír nach aithnid dóibh?