Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 22:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is é a dúirt an Tiarna: “Imigh síos go pálás rí Iúdá agus tabhair an teachtaireacht seo ansin.

2. ‘Éist le briathar an Tiarna, a rí Iúdá, a shuíonn i ríchathaoir Dháiví, thusa agus do sheirbhísigh agus do mhuintir a théann na geataí seo isteach.

3. Is mar seo a deir an Tiarna: Cleachtaigí macántacht agus fíréantacht; saoraigí an truán as láimh an té a dhéanann leatrom air; ná déanaigí éagóir ar an gcoimhthíoch, ar an dílleachta, ar an mbaintreach; ná déan éigean; ná doirt fuil neamhchiontach san áit seo.

4. Má dhéanann sibh amhlaidh go coinsiasach, leanfaidh ríthe atá ina suí ar ríchathaoir Dháiví orthu ag dul geataí an pháláis seo isteach, ag marcaíocht i gcarbaid agus ar eachra, iad féin a seirbhísigh agus a muintir.

5. Ach mura n‑éisteann sibh leis na briathra seo, mionnaim dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn - go mbeidh an pálás seo ina fhásach.

6. Sea, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh pálás rí Iúdá:Ba Ghileád thú agamsa,Ba bheann de chuid na Liobáine thú;mar sin féin, déanfaidh mé fásach díot,baile gan áitritheoir ann.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 22