Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 21:3-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Dúirt Irimia leo: “Beirigí an freagra seo chuig Zidicíá:

4. ‘Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tógfaidh mé ar ais na hairm chogaidh atá in bhur lámha anois, lena dtroideann sibh in aghaidh rí na Bablóine agus na gCaildéach a shuíonn mórthimpeall oraibh anois taobh amuigh de na ballaí; déanfaidh mé carn díobh i lár na cathrach seo.

5. Agus troidfidh mé féin in bhur n‑aghaidh le láimh sínte amach agus le rí láidir, i bhfearg, i mbuile agus i ndíbheirg mhór.

6. Buailfidh mé muintir na cathrach seo, idir dhuine agus bheithíoch, le plá scanrúil: gheobhaidh siad bás.

7. Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’

8. “Agus déarfaidh tú leis an bpobal seo: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Cuirim romhaibh anois slí na beatha agus slí an bháis.

9. An té an fhanfaidh sa chathair seo éagfaidh sé leis an gclaíomh, leis an ngorta nó leis an bplá; ach mairfidh an té a rachaidh amach agus a ghéillfidh do na Caildéigh atá anois ag cur léigir ar an gcathair; beidh a bheatha aige sin mar éadáil.

10. Óir tá m'aghaidhse curtha in éadan na cathrach seo chun oilc agus ní chun maitheasa - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfar i láimh rí na Bablóine í, agus dófaidh sé go talamh í.’ ”

11. “Le rítheaghlach Iúdá. Éistigí le briathar an Tiarna,

12. rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna:‘Gach maidin tabhair breith cheart,tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart airas láimh fhear a ansmachta,nó léimfidh m'fhearg amach ar nós tine,loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 21