Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 21:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An briathar a tháinig chun Irimia ón Tiarna nuair a chuir an rí Zidicíá chuige Paischiúr mac Mhailcíá in éineacht leis an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá, á rá:

2. “Iarraimid d'achainí ort fiafraí den Tiarna ar ár son ó tharla Nabúcadnazar ag déanamh cogaidh orainn; b'fhéidir go n‑oibreodh an Tiarna a mhíorúiltí uile ar ár son agus go dtabharfadh sé ar an namhaid imeacht uainn.”

3. Dúirt Irimia leo: “Beirigí an freagra seo chuig Zidicíá:

4. ‘Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tógfaidh mé ar ais na hairm chogaidh atá in bhur lámha anois, lena dtroideann sibh in aghaidh rí na Bablóine agus na gCaildéach a shuíonn mórthimpeall oraibh anois taobh amuigh de na ballaí; déanfaidh mé carn díobh i lár na cathrach seo.

5. Agus troidfidh mé féin in bhur n‑aghaidh le láimh sínte amach agus le rí láidir, i bhfearg, i mbuile agus i ndíbheirg mhór.

6. Buailfidh mé muintir na cathrach seo, idir dhuine agus bheithíoch, le plá scanrúil: gheobhaidh siad bás.

7. Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’

8. “Agus déarfaidh tú leis an bpobal seo: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Cuirim romhaibh anois slí na beatha agus slí an bháis.

9. An té an fhanfaidh sa chathair seo éagfaidh sé leis an gclaíomh, leis an ngorta nó leis an bplá; ach mairfidh an té a rachaidh amach agus a ghéillfidh do na Caildéigh atá anois ag cur léigir ar an gcathair; beidh a bheatha aige sin mar éadáil.

10. Óir tá m'aghaidhse curtha in éadan na cathrach seo chun oilc agus ní chun maitheasa - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfar i láimh rí na Bablóine í, agus dófaidh sé go talamh í.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 21