Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 20:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Anois chuala Paischiúr mac Iméar an sagart, a bhí i gceannas na bpóilíní i dTeampall an Tiarna, an tairngreacht seo á déanamh ag Irimia.

2. D'ordaigh Paischiúr Irimia a bhualadh agus a chur sna ceapa ag Geata Bhiniáimin, geata uachtair Theampall an Tiarna.

3. An lá dár gcionn d'ordaigh Paischiúr Irimia a thógáil as na ceapa; dúirt Irimia leis: “Ní Paischiúr an t‑ainm a thugann an Tiarna ort ach Uafás.

4. Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé uafás díot, tú féin agus do chairde uile; titfidh siad le claíomh a naimhde; feicfidh do shúile féin é sin. Tabharfaidh mé Iúdá uile freisin i láimh rí na Bablóine; tabharfaidh sé i mbraighdeanas iad chun na Bablóine agus maróidh sé iad leis an gclaíomh.

5. Tabharfaidh mé fós maoin uile na cathrach seo, a huile shaothar, gach uile ní mórluaigh agus stór uile ríthe Iúdá i láimh a naimhde a chreachfaidh agus a thógfaidh iad agus a bhéarfaidh leo don Bhablóin iad.

6. Maidir leatsa, a Phaischiúr, rachaidh tusa agus do líon tí uile i mbraighdeanas; gheobhaidh tú bás ansin agus is ann a adhlacfar thú, thú féin agus do chairde uile dár thairngir tú bréaga.’ ”

7. Mheall tú mé, a Thiarna, agus cheadaigh mé mo mhealladh;rug tú bua orm; ba thú ba threise.Níl lá nach mbíonn siad ag gáire fúm,is ceap magaidh mé ag gach aon duine.

8. Níl uair dá labhraim an briathar nach mbíonn orma fhógairt in ard mo chinn: “Éigean agus díobháil!”Tá briathar an Tiarna tar éis éirí ina mhasla domsaagus ina ábhar magaidh ar feadh an lae.

9. Deirinn: “Ní smaoineoidh mé air,ní labhróidh mise níos mó ina ainm.”Ansin chonacthas dom go raibh tine loiscneach i mo chroí,í dúnta istigh i mo chnámha.Tá mé tuirseach ó bheith ag iarraidh í a chosc.Ní fhéadaim é a fhulaingt.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 20