Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 2:1-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

2. “Imigh agus fógair é seo in éisteacht Iarúsailéim: Seo mar a deir an Tiarna:‘Cuimhním ar dhíograis d'óige, do ghean brídeoigean t‑am ar shiúil tú i mo dhiaidh san fhásach,i bhfearann nár cuireadh.

3. Bhí Iosrael coisricthe don Tiarna, céadtorthaí a fhómhair;Ní raibh aon duine, dár bhlais de, nár íoc as;tháinig an anachain orthu,is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”

4. Éistigí le briathar an Tiarna, a theach Iacóib, agus sibhse, a mhuintir uile theach Iosrael.

5. Seo mar a deir an Tiarna:“Cén t‑easnamh a bhraith bhur n‑aithreacha ormsaa thug orthu mise a thréigean?Shiúladar ar lorg díomhaointis,agus rinneadh díomhaoin iad.

6. Ní dúirt siad riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna,a thug aníos sinn as tír na hÉigipte,a threoraigh sinn tríd an bhfiántas,trí fhearann lom fásaigh,tír thriomaigh dhorcha,tír nach siúlann aon taistealaíagus nach bhfuil cónaí duine ann?’

7. Thug mé sibh go tír thorthúil,a ithe a torthaí agus a maitheasa;ach níor luaithe sibh ann ná gur thruailligh sibh mo dhúichego ndearna sibh m'oidhreacht fuafar.

8. Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé.D'éirigh na tréadaithe amach i m'aghaidh;rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál,ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.

9. Ar an ábhar sin cuirfidh mé triail arís oraibhan Tiarna a labhraíonn -agus ar chlann bhur gclainne cuirfidh mé triail.

10. Seolaigí go hoileáin Chitím nó cuirigí fios go Céadár.Meabhraígí go cúramachféachaint ar tharla a leithéid seo riamh.

11. An malartaíonn cine a ndéithe?- agus ní déithe in aon chor iad seo!Ach mhalartaigh mo phobalsa a nglóirar rud gan mhaith.

12. Bíodh uafás oraibh, a neamha;faoin ní seo bíodh uamhan oraibhcrithigí le heagla- an Tiarna a labhraíonn.

13. Mar rinne mo phobalsa coir dhúbalta:thréig siad mise, foinse an uisce bheo,agus thochail siad dabhcha dóibh féin,dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.

14. An sclábhaí mar sin Iosrael?Nó an le haghaidh na daoirse a rugadh é,go ndéantar é a chreachadh mar seo?

15. Bhúir na leoin air,thógadar a nguth in ard a gcinn.Rinneadar fásach dá dhúiche;tá a bhailte dóite, gan áitritheoirí.

16. Bhearr muintir Nof agus Thachpanaesfiú baithis do chinn!

17. Nár tharraing tú é seo ort féin,mar gur thréig tú an Tiarna do Dhia?

18. Cén mhaith duit anois do thriall ar an Éigipt,a ól uisce na Níle?Cén mhaith duit do thriall ar an Asaír,a ól uisce na hAbhann?

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 2