Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 18:3-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Chuaigh mé síos mar sin go teach an photaire, agus bhí sé ann ag obair ag a roth.

4. Agus ní raibh uair dár milleadh an soitheach cré a bhí á dhéanamh ag an bpotaire nach ndearna sé arís é ina shoitheach eile, mar is nós le potairí a dhéanamh.

5. Ansin tháinig an briathar seo ón Tiarna chugam:

6. “rí theach Iosrael, nach bhféadaimse a dhéanamh libhse mar a dhéanann an potaire seo? - an Tiarna a labhraíonn - Sea, faoi mar atá an chré i láimh an photaire, is mar sin atá sibhse i mo láimhse, a theach Iosrael.

7. Uaireanta ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a dtarraingt aníos, a leagan, a scriosadh;

8. ach má fhilleann an cine sin, ar ar thug mé daorbhreith, óna n‑oilc, ansin tagann malairt intinne chugamsa i dtaobh an oilc a bhí ceaptha agam dóibh.

9. Uaireanta eile, ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a thógáil agus a phlandú;

10. ach má dhéanann an cine sin olc i mo radharc, agus mura n‑umhlaíonn siad do mo ghuth, bíonn aithrí orm faoin maith a bhí ar intinn agam a bhronnadh orthu.

11. Labhair anois, ar an ábhar sin, le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Éistigí, tá briseadh á chumadh agam in bhur n‑aghaidh, tá tubaiste daoibh á ceapadh agam. Filligí mar sin, gach uile dhuine agaibh, ó bhur n‑imeachtaí gránna, leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha.’

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 18