Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 18:13-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. “Dá bhrí sin - is mar seo a deir an Tiarna:Fiafraígí anois i measc na náisiúncé chuala a leithéid seo:Rinne maighdean Iosrael gníomh rófhuafar.

14. An n‑imíonn sneachta na Liobáineón gcarraig bheannach?An dtéann na huiscí maorgaa bhíonn ag sní san fhuarthan i ndísc?

15. Ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise!Loscann siad a dtúis do neamhní!D'imigh a gcosa uathu ar a slí dóibh,ag gabháil na seanbhóithre,ag siúl dóibh sna cosáin chama,ar bhealaí gan aon mhéar ar eolas.

16. Déanfaidh siad a ndúiche uaigneach;déanfar ábhar fonóide di go deo;an té a rachaidh thairsti beidh uafás airagus craithfidh sé a cheann.

17. Mar a dhéanfadh an ghaoth anoirscaipfidh mé iad roimh an namhaid.Tabharfaidh mé cúl dóibh agus ní hí m'aghaidh,ar lá a dtruamhéile.”

18. “Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”

19. Tabhair cluas dom, a Thiarna,éist le céard tá á rá ag mo naimhde.

20. Ar chuí ceart a chúiteamh le holc?(Mar tá siad ag tochailt poill do m'anam.)Cuimhnigh gur sheas mé i d'fhianaiseag labhairt ar a son,le go n‑iompóinn d'fhearg uathu.

21. Ar an ábhar sin seachaid a gclann mhac don ghorta;tabhair suas iad do bhéal an chlaímh.Go raibh a mná céile gan sliocht,go bhfágtar ina mbaintreacha iad.Go n‑éaga a bhfir den phlá;go dtite a n‑ógánaigh leis an gclaíomh sa chath.

22. Go gcluintear scread maidine as a dtithenuair a bheireann tusa foghlaithe go tobann orthu.Óir thochail siad clais ghafa do mo ghabháilse;d'fholaigh siad líonta do mo chosa.

23. Ach, a Thiarna, tá fios a gcomhairlí uile agat,do mo mharú.Ná maith a n‑éigeart, ná scrios a bpeaca amach as do radharc.Coinnigh a léirmhilleadh i gconaí i d'aigne,nuair a thiocfaidh an lá a n‑agróidh tú d'fhearg orthu.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 18