Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 17:21-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Is mar seo a deir an Tiarna: Más maith libh a bheith beo, ná hiompraígí ualach lá na sabóide ar chuntar ar bith agus ná tugaigí geataí Iarúsailéim isteach é.

22. Ná hiompraígí ualach amach as bhur dtithe lá na sabóide, agus ná déanaigí obair ar bith. Naomhaígí lá na sabóide mar a d'ordaigh mise do bhur n‑aithreacha.

23. Ní chluinfidís, ní thabharfaidís aird, d'éiríodar chomh ceanndána sin nach n‑éistfidís agus nach ngabhfadh teagasc.

24. Ach má éisteann sibh go dúthrachtach liomsa - an Tiarna a labhraíonn - agus gan ualach a bhreith trí gheata na cathrach seo lá na sabóide, ach lá na sabóide a naomhú agus gan obair a dhéanamh ann,

25. ansin tiocfaidh i gcrích go leanfaidh ríthe a bheidh ina suí i ríchathaoir Dháiví ag dul isteach i ngeataí na cathrach seo, ag marcaíocht ar charbaid agus eachra, iad féin agus a n‑airí, in éineacht le fir Iúdá agus cathróirí Iarúsailéim. Agus áitreofar an chathair seo go brách.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 17