Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 17:16-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Ach maidir liomsa,níor spreag mé riamh thú chun an oilc,ní mó ba mhian liom an lá mairgneach,tá a fhios seo agatsa;ní raibh an rud a tháinig as mo bhéal i bhfolach ort.

17. Ná bí i do uafás domsa, tusa, is dídean dom i lá an oilc.

18. Cloítear lucht mo ghéarleanúna, ach ná cloítear mise;cuirtear scéin orthusan, ach ní ormsa.Tabhair lá an oilc orthusan, scrios iad le scrios faoi dhó!

19. Is mar seo a dúirt an Tiarna liomsa: “Imigh agus seas i nGeata Chlann an Phobail ina dtagann ríthe Iúdá isteach agus amach - agus i ngeataí uile Iarúsailéim.

20. Abair leo: ‘Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a ríthe Iúdá, agus sibhse pobal uile Iúdá freisin, agus sibhse, cathróirí uile Iarúsailéim, a théann na geataí seo isteach.

21. Is mar seo a deir an Tiarna: Más maith libh a bheith beo, ná hiompraígí ualach lá na sabóide ar chuntar ar bith agus ná tugaigí geataí Iarúsailéim isteach é.

22. Ná hiompraígí ualach amach as bhur dtithe lá na sabóide, agus ná déanaigí obair ar bith. Naomhaígí lá na sabóide mar a d'ordaigh mise do bhur n‑aithreacha.

23. Ní chluinfidís, ní thabharfaidís aird, d'éiríodar chomh ceanndána sin nach n‑éistfidís agus nach ngabhfadh teagasc.

24. Ach má éisteann sibh go dúthrachtach liomsa - an Tiarna a labhraíonn - agus gan ualach a bhreith trí gheata na cathrach seo lá na sabóide, ach lá na sabóide a naomhú agus gan obair a dhéanamh ann,

25. ansin tiocfaidh i gcrích go leanfaidh ríthe a bheidh ina suí i ríchathaoir Dháiví ag dul isteach i ngeataí na cathrach seo, ag marcaíocht ar charbaid agus eachra, iad féin agus a n‑airí, in éineacht le fir Iúdá agus cathróirí Iarúsailéim. Agus áitreofar an chathair seo go brách.

26. Tiocfaidh siad as bailte Iúdá, as na ceantair thart ar Iarúsailéim, as tír Bhiniáimin, as an Achréidh, as na sléibhte agus as an Neigib, ag tabhairt ofráil loiscthe agus íobairtí, tabhartas bia agus túise, agus íobairtí molta i dTeampall an Tiarna.

27. Ach mura n‑éisteann sibh liomsa i dtaobh naomhú na sabóide agus gan ualach a iompar ag dul geataí Iarúsailéim isteach lá na sabóide, cuirfidh mise ansin a geataí trí thine; loscfaidh an tine páláis Iarúsailéim agus ní mhúchfar í.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 17