Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 17:10-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Mise, an Tiarna, scrúdaím an croí, dearbhaím na duáin,a thabhairt do gach aon fhear de réir a iompairagus de réir toradh a ghníomhartha.

11. Gorfaidh an phatraisc uibheacha nár rug sí,is mar sin don fhear a bhain saibhreas, agus nach le ceart;ní mór dó scarúint leis i lár a laethanta,agus ina chríoch dhéanach fágfar ina amadán é.”

12. Is ríchathaoir ghlórmhar,suite in airde ó thosach,áit ár sanctóra.

13. Ó, a Thiarna, a Dhóchas Iosrael!Beidh náire ar gach aon a thréigeann thusa,na daoine a iompaíonn uaitsesracfar ó fhréamh iad as an tír,de bhrí gur thréig siad foinsí an uisce bheo.

14. Slánaigh mé a Thiarna, agus beidh mé slán go cinnte,sábháil mé agus beidh mé sábháilte,óir is tú amháin mo [dhóchas].

15. Féach, deir siad liom gan scor:“Cá bhfuil briathar an Tiarna?Tagadh sé i gcrích anois.”

16. Ach maidir liomsa,níor spreag mé riamh thú chun an oilc,ní mó ba mhian liom an lá mairgneach,tá a fhios seo agatsa;ní raibh an rud a tháinig as mo bhéal i bhfolach ort.

17. Ná bí i do uafás domsa, tusa, is dídean dom i lá an oilc.

18. Cloítear lucht mo ghéarleanúna, ach ná cloítear mise;cuirtear scéin orthusan, ach ní ormsa.Tabhair lá an oilc orthusan, scrios iad le scrios faoi dhó!

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 17