Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 16:4-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Éagfaidh siad de ghalra marfacha, ní chaoinfear iad agus ní adhlacfar iad, beidh siad mar aoileach spréite ar an talamh; marófar iad leis an gclaíomh agus le gorta, agus beidh a gcoirp ina mbia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.

5. Sea, is mar seo a deir an Tiarna: Ná téigh isteach i dtigh an tórraimh le go ndéana tú caoi agus truamhéil leo; mar thóg mise mo shíocháin ón bpobal seo - an Tiarna a labhraíonn - mo shíocháin agus mo thruamhéil.

6. Éagfaidh an mór agus an beag sa tír seo gan adhlacadh ná caoineadh; ní ghearrfaidh daoine iad féin, ní bhearrfaidh siad a gcloigeann ar a son.

7. Ní bhrisfear aon arán don fhear caointe á chomhfhortacht ar son na marbh: ní mó a ofrálfar cupán sóláis dó i mbás athar ná máthar.

8. Agus ná téigh isteach i dteach an fhéasta chun suí leo, chun ithe agus ól.

9. Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Coscfaidh mé anois in bhur radharc, in bhur laethanta féin, guth na súgachta agus na lúcháire, guth an fhir nuaphósta agus na brídeoige.

10. Nuair a inseoidh tú na briathra seo uile don phobal seo agus a déarfaidh siadsan leatsa: ‘Cén fáth ar fhógair an Tiarna an anachain uafásach seo inár n‑aghaidhne? Céard é ár n‑éigeart? Céard é an peaca atá déanta againn in aghaidh an Tiarna, ár nDia?’

11. Ansin déarfaidh tú leo: ‘Is ar an ábhar gur thréig bhur n‑aithreacha mé - an Tiarna a labhraíonn - agus gur shiúil siad i ndiaidh déithe eile, á n‑adhradh agus ag fónamh dóibh. Thréig siad mise agus níor choinnigh mo dhlí.

12. Agus rinne sibhse níos measa ná bhur n‑aithreacha. Féach, siúlann gach uile dhuine agaibh de réir chomhairlí a chruachroí oilc féin agus ní éisteann liomsa.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 16