Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 16:2-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. “Ní ghabhfaidh tú bean chugat ná ní bheidh mac ná iníon agat san áit seo.

3. Mar is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh na mac agus na n‑iníonacha a bhéarfar san áit seo, i dtaobh na máithreacha a bheireann iad agus i dtaobh na n‑aithreacha a ghineann iad sa dúiche seo:

4. Éagfaidh siad de ghalra marfacha, ní chaoinfear iad agus ní adhlacfar iad, beidh siad mar aoileach spréite ar an talamh; marófar iad leis an gclaíomh agus le gorta, agus beidh a gcoirp ina mbia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 16