Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 16:14-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. “Féach, mar sin, go bhfuil na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’

15. ach: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad.’ Tabharfaidh mise ar ais iad go dtí an fearann céanna a thug mise dá sinsir.

16. “Seolfaidh mé anois mórán iascairí - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh siad ar barr iad; ansin, seolfaidh mé mórán sealgairí agus déanfaidh siad a bhfiach ó gach uile shliabh, as gach cnoc, amach as poill na gcarraig.

17. Óir tá mo shúile ar a n‑imeachtaí uile, níl siad ceilte orm, ní mó tá a gcionta i bhfolach ar mo shúile.

18. Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m'oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”

19. Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean,mo chúl dídine i lá na hainnise!Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talúnagus déarfaidh siad:“Níor ghabh ár n‑aithreacha d'oidhreacht ach bréaga,díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.

20. An bhféadann duine déithe a dhéanamh dó féin?Más ea, ní déithe iad in aon chor!”

21. “Éist anois, tabharfaidh mé orthu admháil,tabharfaidh mé orthu an uair seomo lámh agus mo neart a admháil;agus aithneoidh siad ansin gurb é an Tiarna m'ainm.”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 16