Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 15:8-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Tá líon a mbaintreach arna mhéadúos cionn ghaineamh na farraige.Ar mháithreacha na n‑ógánachtugaim an millteoir i lár na lae ghil.Tugaim anuas orthu go tobann pianpháis agus scéin.

9. Gabhann laige an mháthair a rug mórsheisear,imíonn an spiorad aisti.Chuaigh a grian faoi agus an lá fós ann,fuair sí náire agus míchlú...Tabharfaidh mé an fuílleach díobh do chlaíomh a naimhde- an Tiarna a labhraíonn.”

10. Is mairg domsa, a mháthair, gur rug tú méi m'fhear caismirte agus i m'fhear achrannach don tír ar fad.Ní thugaim ar iasacht ná ní bhfaighim ar iasacht;ina dhiaidh sin mallaíonn gach aon duine mé.

11. Nach fíor é, a Thiarna, go ndearna mé mo dhícheall fónamh duit,go ndearna idirghuí leat ar mo namhaid

12. An féidir le fear iarann a bhriseadh,iarann ón tír thuaidh, nó cré-umha?

13. “Tabharfaidh mé do mhaoinagus do chiste chun creiche,mar íocaíocht ar do pheacaí uile ar fud do thíre.

14. Tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhdei dtír nach feasach duit,óir d'fhadaigh m'fhearg tinea loscfaidh thú go hiomlán,”

15. ar uair a thubaiste agus a anó?Is feasach duit go ndearna!A Thiarna, cuimhnigh ormsa, coinnigh do shúil orm,agus déan mise a dhíolt ar lucht mo ghéarleanúna.Is mall í d'fhearg; ná lig i gcrích go sciobfaí chun siúil mé.Bíodh a fhios agat gur ar do shonsa a fhulaingím masla.

16. Nuair a tháinig do bhriathra, d'ith mise iad.Bhí do bhriathar ina ghairdeachasagus ina lúcháir do mo chroí;óir gaireadh d'ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua.

17. Níor bhain mé sult riamh as suí i gcomhluadar na scigirí;mar gheall ar do láimhse orm, shuigh mé ar leithligh,óir líon tú le fearg mé.

18. Cad chuige a bhfuil mé ag síorfhulaingt,a bhfuil mo chneá gan leigheas, agus í doleigheasta?An mbeidh tú domsa amhail sruthán bréagacha bhfuil a uisce neamhbhuan?

19. Is mar seo a d'fhreagair an Tiarna:“Má fhilleann tú, tabharfaidh mé liom arís thú ar aimsir;agus má labhraíonn tú go huasal agus ní go suarach,beidh tú amhail mo bhéal féin.Fillfidh siadsan ortsa,ach ná fillse orthusan.

20. Déanfaidh mise díotsaballa cumhdaigh práis in aghaidh an phobail seo.Troidfidh siad leat, ach ní bhéarfaidh siad bua ort,óir tá mise leat chun cuidiú leatagus chun thú a shaoradh- an Tiarna a labhraíonn.

21. Saorfaidh mé thú as láimh an drochdhuine,agus fuasclóidh mé thú as crúba an neamhthrócairigh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 15