Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 15:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!

2. Agus má fhiafraíonn siad díot: ‘Cá rachaimid?’ inseoidh tú é seo dóibh: Is mar seo a deir an Tiarna:‘An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá;an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh;an mhéid faoi choinne an ghorta, chun an ghorta;an mhéid fáoí choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais!’

3. “Ceithre soirt oidhe a dháilim dóibh: an claíomh do mharú, na madraí do réabadh, éanlaith an aeir agus ainmhithe na talún do shlogadh agus do dhíothú.

4. Déanfaidh mé díol uafáis díobh i radharc ríochtaí uile an domhain, mar gheall ar Mhanaise, mac Hiziciá, rí Iúdá, agus na míghníomhartha a rinne sé in Iarúsailéim.

5. Cé ag a bhfuil trua duit, a Iarúsailéim, cé a dhéanann comhbhrón leat,cé a sheasann le fiafraí cén chaoi bhfuil tú?

6. Is tú féin a thréig mise - an Tiarna a labhraíonn.Thug tú cúl liom;mar sin sínim mo lámh amach i d'aghaidhle go scriosfainn thú.Tá mé tuirseach den aithreachas.

7. Tá siad scagtha agam le gabhlán cáitei mbailte a dtíre.Bainim díobh a gclanna, díoscaim mo dhaoineóir diúltaíonn siad filleadh óna mbealaí.

8. Tá líon a mbaintreach arna mhéadúos cionn ghaineamh na farraige.Ar mháithreacha na n‑ógánachtugaim an millteoir i lár na lae ghil.Tugaim anuas orthu go tobann pianpháis agus scéin.

9. Gabhann laige an mháthair a rug mórsheisear,imíonn an spiorad aisti.Chuaigh a grian faoi agus an lá fós ann,fuair sí náire agus míchlú...Tabharfaidh mé an fuílleach díobh do chlaíomh a naimhde- an Tiarna a labhraíonn.”

10. Is mairg domsa, a mháthair, gur rug tú méi m'fhear caismirte agus i m'fhear achrannach don tír ar fad.Ní thugaim ar iasacht ná ní bhfaighim ar iasacht;ina dhiaidh sin mallaíonn gach aon duine mé.

11. Nach fíor é, a Thiarna, go ndearna mé mo dhícheall fónamh duit,go ndearna idirghuí leat ar mo namhaid

12. An féidir le fear iarann a bhriseadh,iarann ón tír thuaidh, nó cré-umha?

13. “Tabharfaidh mé do mhaoinagus do chiste chun creiche,mar íocaíocht ar do pheacaí uile ar fud do thíre.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 15