Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 12:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is ceart atá tú, a Thiarna,nuair a dhéanaim casaoid ort.Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú.Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine?Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc?

2. Plandaíonn tú iad agus gabhann siad fréamh,fásann agus tugann siad toradh.Tá tusa i gcónaí ar a mbéal,ach i bhfad óna gcroí.

3. Is aithnid duitse mé, a Thiarna, tá do shúile orm;dearbhaíonn tú mo chroí atá i do lámha.Tarraing amach iad mar chaoirigh chun an áir,coinnigh iad faoi choinne lá an mharaithe.

4. (Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.)De bhrí go n‑abrann siad:“Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”

5. Má ritheann tú in iomaíocht le coisithe,agus go dtraochann siad thú,conas a rachaidh tú i gcomórtas le heachra?Má tá tú míshocair i dtír na síochána,céard a dhéanfaidh tú i bhfásra borb faoi Iordán?

6. “Feallann do dheartháireacha féin agus teach d'athar ort.Ar do chúl, lochtaíonn siad freisin thú go hoscailte.Ná cuir do mhuinín iontu nuair is cairde leat iad, mar dhea.”

7. “Thréig mé mo theach,d'fhág mé m'oidhreacht,thug mé an rud ab ionúin liomi láimh a naimhde.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 12