Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 10:2-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Is mar seo a deir an Tiarna:“Ná toghaigí bealaí na náisiún,ná bíodh eagla oraibh roimh chomharthaí neimhe,bíodh agus go mbíonn eagla ar na náisiúin rompu.

3. Is neamhní é uafás na bpobal,ní mó ná crann é a leagadh san fhoraois,saothar lámh an oibrí leis an tua,

4. maisíodh ansin é le hairgead agus le hór.Daingníonn siad le tairní agus le casúr iad,le nach dtitfeadh siad.

5. Is taibhsí préachán iad i ngarraí mealbhacán,agus balbh dá réir;is éigean a n‑iompar, ó tharla gan siúl acu.Ná bígí eaglach rompu: ní thig leo olc a dhéanamhná fós, an mhaith!”

6. Níl aon duine cosúil leatsa, a Thiarna;tá tú mór, agus is mór é d'ainm i gcumhacht.

7. Cé hé an té nach dtabharfadh urraim duit,ó a Rí na gciníocha?Sea, is duitse is dual é seo.De bhrí nach bhfuil i measc críonna uile na gciníocha,agus ina ríochtaí uile, aon duine cosúil leatsa.

8. Ta siad uile frí chéile brúideach agus amadánta:is díomhaoin é teagasc na náideanna seo,

9. - airgead spréite as Tairsís, agus ór as Óifír -obair an tsnoíodóra agus saothar an cheardaí óir;saothar ceardaí éigin iad go huile;gléastar iad in éadach, corcra agus corcairghorm.

10. Ach is é an Tiarna an Dia fíor, an Dia bithbheo.Is é an Rí síoraí é.Creathnaíonn an talamh nuair atá sé i bhfeirg,ní fhéadann na ciníocha a fhraoch a fhulaingt.

11. (Inis é seo dóibh: “Na déithe nach ndearna na spéartha ná an talamh, imeoidh siad ón talamh agus ó faoi na spéartha.”)

12. Is é a rinne an talamh lena chumhacht,is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna,agus a spréigh amach na spéartha lena ghrinneas.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 10