Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 10:14-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Ar an uair sin tagann ionadh agus alltacht ar gach aon duine,deargann gach órcheard mar gheall ar íol a lámh,óir is bréaga a chuid íol gan puth anála iontu.

15. Is náideanna iad, is díol gáire;nuair a thiocfaidh am a gcuarta,rachaidh siad as.

16. Ní cosúil leo siúd “Roinn Iacóib”,óir is é cruthaitheoir an uile ní é,agus is é Iosrael treibh a oidhreachta.Tiarna na Slua is ainm dó.

17. Bailígí bhur gcuid! Imígí libh amach,sibhse atá faoi léigear!

18. Óir is mar seo a deir an Tiarna:“Teilgfidh mé amach anois muintir na tíre, an uair seo,agus cuirfidh mé i sáinn iad,féachaint an bhfaighidh siad ansin mé!”

19. Mo thrua mise de bhrí mo chréachta!Tá mo chneá gan leigheas!Dúirt mé liom féin:“Is doilíos é seo d'fhéadfaí a fhulaingt;

20. ach anois tá mo bhoth scriosta,mo rópaí uile briste,d'imigh mo chlann mhac uaim agus níl siad ann;níl duine fágtha agam a shínfidh mo bhoth an athuair,ná a chrochfaidh na scáthéadaí taoibhe.”

21. Is iad na tréadaithe a bhí dallaigeanta;ní dheachaigh siad ar lorg an Tiarna. Ar an ábhar sinní raibh an rath orthu agus scaipeadh a dtréad ar fad.

22. Scéala! Scéala chugainn!Ruathar millteach ag teacht ón tuaisceartle go ndéanfar bailte Iúdá ina bhfásach, ina n‑uamha seacál.

23. Is maith atá a fhios agat, a Thiarna,nach ann féin atá slí duine, ná ní sa duinea shiúlann atá díriú a choiscéimeanna.

24. Ceartaigh sinn, a Thiarna, go mín,ní i bhfeirg, ar fhaitíos go ndéanfaí neamhní dínn.

25. Doirt amach do dhíbheirg ar na náisiúinnach dtugann aithne duit,agus ar na ciníocha nach ngaireann ar d'ainm,óir d'ith siad Iacób agus shlog siad é,agus rinne siad a áitreabh uaigneach.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 10