Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 9:10-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. agus ar a ndearna sé leis an mbeirt rí Amórach a bhí lastall den Iordáin, Síochon rí Heisbeon agus Óg rí Bháiseán a bhí ag cur faoi in Aisteárót.

11. Dúirt ár seanóirí agus muintir ár dtíre go léir linn: ‘Tógaigí lón libh don aistear, agus téigí ina n‑airicis agus abraigí leo: “Seirbhísigh daoibh sinne: seo anois, déanaigí conradh linn.’ ”

12. Siúd é ár n‑arán. Bhí sé te fós nuair a thógamar linn ónár dtithe é mar lón bóthair an lá a chuireamar chun siúil chun teacht in bhur láthair; ach anois féach go bhfuil sé briosc agus snas air.

13. Bhí na seithí fíona seo nua nuair a líonamar iad; féach tá siad pléasctha; tá ar gcuid éadaigh agus ár gcuaráin caite tar éis an aistir chomh fada sin atá curtha dínn againn.”

14. Chaith na ceannairí an bia a rinneadar a thairiscint gan comhairle an Tiarna a lorg.

15. Rinne Iósua síocháin agus conradh leo ag dul i mbannaí lena n‑anam, agus dhaingnigh an pobal é sin faoi bhrí na mionn.

16. Trí lá tar éis an conradh a dhéanamh leo fuarthas amach gur comharsana iad agus go raibh cónaí orthu i measc chlann Iosrael.

17. Chuir clann Iosrael chun bealaigh agus (ar an tríú lá) thángadar chun a mbailte .i. Gibeón, Cifíriá, Bearót agus Ciriat Iáraím.

18. Níor ionsaigh clann Iosrael iad mar gur mhionnaigh ceannairí an phobail dar an Tiarna Dia Iosrael ach rinne an comhthionól go léir monabhar in aghaidh na gceannairí.

19. Ach dúirt na ceannairí leis an gcomhthionól go léir: “Thugamar mionn dóibh dar an Tiarna Dia Iosrael agus ní féidir dúinn baint leo anois.

20. Mar seo a dhéanfaimid: anacal anama a dhéanamh orthu le heagla go ndéanfaí é a agairt orainn le fearg de bharr na mionn a thugamar dóibh.”

21. Agus lean na ceannairí orthu: “Déanaigí anacal orthu, agus bídís ina ngiollaí brosna agus uisce ag an gcomhthionól go léir.” Rinne an comhthionól rud ar na ceannairí.

22. Chuir Iósua fios ar [mhuintir Ghibeón] agus d'fhiafraigh sé díobh: “Cad ab áil libh dár mealladh á rá go raibh cónaí oraibh i bhfad ó bhaile uainn nuair is anseo inár measc atá cónaí oraibh?

23. Tá mallacht oraibh anois dá bhrí sin agus beidh cuid agaibh in bhur sclábhaithe, in bhur ngiollaí brosna agus uisce i dteach mo Dhé go deo.”

24. Sé freagra a thugadar ar Iósua: “Rinneamar amhlaidh mar go rabhamarna, do searbhóntaí, lándeimhin de gur ordaigh an Tiarna, do Dhia, do Mhaois, a ghiolla, an tír seo go léir a thabhairt daoibh agus a bhfuil ina gcónaí ann a scrios romhaibh; agus de réir mar a bhí sibh ag druidim linn tháinig scanradh inár mbeatha orainn romhaibh.

25. Anois, féach, táimid faoi do bhois; déan linn mar is ceart agus is cóir a dhéanamh linn dar leat.”

26. Sé a rinne sé leo ná iad a shaoradh ó lámha chlann Iosrael; agus níor mharaíodar iad.

27. Ach ón lá sin amach rinne Iósua giollaí brosna agus uisce díobh don chomhthionól agus chuir de cheangal orthu, go dtí an lá atá inniu ann, freastal ar altóir an Tiarna cibé ball ba rogha leis.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 9