Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 8:20-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Nuair a d'fhéach muintir Háí siar chonaiceadar an deatach ag éirí ón gcathair chun na spéire; ní raibh breith acu ar theitheadh mar seo ná mar siúd, mar an mhuintir a theith i dtreo an fhásaigh, d'fhilleadar ar ais ar an tóir.

21. Nuair a chonaic Iósua agus clann Iosrael go léir go raibh an chathair gafa ag lucht an luíocháin, agus deatach na cathrach ag éirí in airde, d'iompaíodar ar ais agus d'ionsaíodar muintir Háí.

22. Tháinig an dream eile amach as an gcathair ina n‑aghaidh chomh maith i dtreo go rabhadar teanntaithe ag na hIosraelaigh, cuid díobh seo ar thaobh agus an chuid eile ar an taobh eile. Thugadar fúthu go dtí nár fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil díobh,

23. ach gur gabhadh rí Háí ina bheatha agus gur tugadh go Iósua é.

24. Nuair a bhí deireadh ag clann Iosrael ag eirleach mhuintir Háí go léir sa mhachaire agus san fhásach mar ar chuireadar i raon madhma iad, agus nach raibh duine díobh nach raibh sínte marbh de rinn claímh, d'fhill clann Iosrael go léir ar Háí agus d'imríodar faobhar claímh uirthi.

25. Ba é líon na ndaoine a thit an lá sin, idir fhir agus mhná, dhá mhíle dhéag. De mhuintir Háí iad uile.

26. Níor tharraing Iósua ar ais an lámh lenar shín sé an ga nó gur scrios sé lucht Háí go léir.

27. Níor thug clann Iosrael leo mar chreach as an gcathair sin ach a heallach agus a héadáil de réir an ordaithe a thug an Tiarna do Iósua.

28. Loisc Iósua Háí agus d'fhág ina fothrach follamh í go brach, mar atá sí inniu féin.

29. Chroch sé rí Háí ar chrann go nóin agus le dul faoi na gréine d'ordaigh sé a chorp a thógáil anuas den chrann. Caitheadh é ansiúd sa bhealach isteach ag geata na cathrach agus tógadh carn mór os a chionn, rud atá ansiúd fós inniu.

30. Ansin thóg Iósua altóir don Tiarna, Dia Iosrael, ar Shliabh Éabál,

31. faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna do chlann Iosrael de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois, “altóir de chlocha nár snoíodh agus nár luigh aon uirlis iarainn riamh orthu”; agus d'ofráladar íobairtí dóite uirthi don Tiarna agus íobairtí comaoineach chomh maith.

32. Ansiúd ar na clocha scríobh Iósua, i láthair phobal Iosrael, cóip den dlí a scríobh Maois.

33. Ansin Iosrael go léir, deoraí agus dúchasach, idir sheanóirí agus scríobhaithe agus bhreithiúna - sheas siad ar dhá thaobh na háirce os comhair na sagart Léivíteach a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna; bhí leath díobh os coinne Shliabh Ghirizím agus leath os coinne Shliabh Éabál faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna de chéaduair do bheannú phobal Iosrael.

34. Ina dhiaidh sin léigh Iósua briathra uile an dlí, na beannachtaí agus na mallachtaí, de réir mar atá scríofa i leabhar an dlí.

35. Ní raibh focal dár aithin Maois nár léigh Iósua do chomhthionól chlann Iosrael go léir idir mhná agus leanaí, agus dheoraithe ag cur fúthu ina measc.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 8